Gníomhaire cánach nó seirbhís cánach a úsáid

Do fhreagrachtaí

Fanfaidh tú de bheith freagrach, faoin dlí cánach, as aon éilimh, dearbhuithe nó tuairisceáin a dhéantar ar do shon. Cuirtear an méid seo a leanas in iúl sna Foirmeacha Údaraithe A1 agus A2:

  • go bhféadann éilimh nó tuairisceáin mhíchearta a bheith faoi réir pionóis
  • go gcuirtear ar fáil do ghníomhaire atá ceaptha agat, na doiciméid iarrtha chun tacú le haon aisíocaíocht nó éileamh ar chreidmheas, liúntas nó faoiseamh
  • go gcaithfidh sonraí faoi gach foinse ioncaim a chur ar fáil don ghníomhaire a cheapann tú
  • agus
  • go n-iarrtar ar do ghníomhaire gach doiciméad a bhaineann le haon aisíocaíocht nó éileamh a dhéantar ar do shon a choinneáil ar feadh sé bliana. Féadann na Coimisinéirí Ioncaim na doiciméid seo a iarraidh.

Ar aghaidh: Athruithe atá le teacht ar údaruithe do ghníomhairí cánach