Gníomhaire cánach nó seirbhís cánach a úsáid

Conas na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas go bhfuil gníomhaire agat

Má tá tú cláraithe le haghaidh moChúrsaí nó leis an tSeirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), seolfaidh do ghníomhaire iarratas ar ríomhnascadh chugat. Cuirfear ar an eolas thú trí ríomhphost go bhfuil comhfhreagras ó na Coimisinéirí Ioncaim faighte agat.

Gheobhaidh tú Iarratas ar Nasc Gníomhaire i do bhosca isteach i moChúrsaí, i M'Fhiosruithe, nó i ROS. Féadtar an t-iarratas seo a cheadú nó a dhiúltú ón leathanach céanna.

Glacadh leis an iarratas trí moChúrsaí

Féadtar glacadh leis an iarratas a thíolaic gníomhaire trí moChúrsaí trí na céimeanna seo a leanas a chomhlánú:

  1. Sínigh isteach ar moChúrsaí.
  2. Roghnaigh 'M'Fhiosruithe' atá sa chúinne ar thaobh na láimhe deise ar bharr an scáileáin.
  3. In M'Fhiosruithe, roghnaigh an M'Fhiosrú a thionscain na Coimisinéirí Ioncaim dar teideal iarratas ar 'Nasc Gníomhaire-Cliant'.
  4. Treorófar thú chuig leathanach sonraí an iarratais áit ar féidir leat an nasc a athbhreithniú.
  5. Féadtar roghnú ansin an t-iarratas ar nasc a cheadú nó a dhiúltú.

Tabhair do d'aire

Má tá tú cláraithe le haghaidh moChúrsaí ag baint úsáide as MyGovID, ní mór duit logáil isteach le do chuid sonraí MyGovID.

Glacadh le hiarratas ar nasc gníomhaire in moChúrsaí

Glacadh leis an iarratas trí ROS

Féadtar glacadh leis an iarratas chun nasc a dhéanamh le gníomhaire trí ROS a usáid trí na céimeanna seo a leanas a chomhlánú:

  1. Logáil isteach ar ROS.
  2. Roghnaigh an cluaisín 'Taifead na gCoimisinéirí Ioncaim' ar bharr an scáileáin.
  3. Sa bhosca isteach ROS, roghnaigh an doiciméad de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 'Faomhadh Nasc Gníomhaire'.
  4. Treorófar thú chuig leathanach sonraí an iarratais áit ar féidir leat an nasc a athbhreithniú.
  5. Féadtar roghnú ansin an t-iarratas ar nasc a cheadú nó a dhiúltú.

Pasfhocail dearmadta

Má rinne tú dearmad ar do phasfhocal, is féidir leat ceann acu seo a leanas roghnú:

Mura bhfuil tú cláraithe le haghaidh ROS nó moChúrsaí

Mura bhfuil tú cláraithe le haghaidh moChúrsaí nó ROS, ní mór duit Foirm Údaraithe (Íoc Mar a Thuillir) ÍMAT A1 a chomhlánú. Níl an Fhoirm Údaraithe ÍMAT A2 ar fáil a thuilleadh ón 1 Eanáir 2025.

Tíolaic an fhoirm do na Coimisinéirí Ioncaim:

Ar aghaidh: Céard a chiallaíonn sé gníomhaire a bheith agat