Bainistigh do chuntais bhainc

Féadtar do shonraí cuntais bainc a bhainistiú ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) agus ar moChúrsaí chun aistrithe íocaíochtaí leictreonacha a éascú.

Leis an tseirbhís seo, féadtar na trí chineál cuntas seo a leanas a bhainistiú:

  • Treoir Dochair ROS (RDI), áit a gcláraítear sonraí bainc le ROS chun íocaíocht aon uaire a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim le haghaidh cáin shonrach. 
  • Treoir Dochair Aonair (DDI), áit a bhféadtar treoir dochair mhíosúil a shocrú le haghaidh cáin áirithe.
  • Ríomhaistriú Airgid (EFT), áit a bhféadtar do shonraí bainc a chlárú chun aisíocaíochtaí éarlaisí cánach go díreach isteach i do chuntas bainc a éascú.

Cé dó an tseirbhís seo?

Tá an tseirbhís seo ann le haghaidh custaiméirí ar mian leo:

  • íocaíochtaí leictreonacha a dhéanamh go díreach óna gcuntais bhainc
  • aisíocaíochtaí a fháil go díreach isteach ina gcuntais bhainc.

Tá an tseirbhís seo ann le haghaidh ríomh-thíolaiceoirí éigeantacha chomh maith.

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid

Chun an tseirbhís a úsáid, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:

  • Cód Aitheantais Bainc (BIC) agus Uimhir Idirnáisiúnta Cuntais Bainc (IBAN) an chuntais bainc is mian leat a úsáid
  • ainm agus seoladh shealbhóir an chuntais bainc.

I gcás íocaíochtaí, ní mór don chuntas bainc a bheith in ann déileáil le dochair dhíreacha. I gcás aisíocaíochtaí, ní mór don chuntas bainc a bheith in institiúid bhaincéireachta laistigh den Limistéar Aonair d’Íocaíochtaí Euro (SEPA). 

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Féadtar teacht ar an tseirbhís trí moChúrsaí, ach na céimeanna seo a leanúint:

  • ón roghchlár aníos ‘Mo Phróifíl’, roghnaigh ‘Mo Shonraí’
  • sa rannán ‘Sonraí bainc’, cliceáil ar ‘Cuir leis’.

Féadtar teacht ar an tseirbhís trí ROS, ach na céimeanna seo a leanúint:

  • ón gcluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’, téigh chuig an bpainéal ‘Íocaíochtaí agus Aisíocaíochtaí’
  • cliceáil ar an gcnaipe ‘Bainistigh Cuntais Bhainc’
  • cliceáil ansin ar cheann amháin de na cnaipí ‘Na RDIanna a riar’, nó Dochar Díreach a riar’ nó ‘Ríomhaistriú Airgid a riar’.