Treoir Dochair Dhírigh (TDD) mhíosúil a bhunú

Leis an tseirbhís TDD, féadann custaiméirí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) clárú chun íocaíochtaí a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim le dochar díreach le haghaidh cánacha reatha.

Cé dó atá an tseirbhís TDD?

Féadtar an tseirbhís seo a úsáid má tá tú cláraithe le haghaidh ROS agus más duine de na daoine seo thú:

  • más fostóir thú a roghnaíonn Cáin Ioncaim Fostóirí a íoc le dochar díreach míosúil. Féadann fostóirí roghnú leas a bhaint as Dochar Díreach seasta nó Dochar Díreach Athraitheach.
  • más gnó thú a íocann Cáin Bhreisluacha (CBL) le dochar díreach míosúil.
  • má tá tú cláraithe le haghaidh Réamhcháin Ioncaim agus má roghnaíonn tú íocaíocht a dhéanamh le dochar díreach.

Féadtar iarratas a chur isteach do CBL nó do Cháin Ioncaim Fostóirí a íoc le háis dochair dhírigh SEPA (Limistéir Aonair d’Íocaíochtaí Aonair), sna cásanna seo:

  • dliteanais dhémhíosúla CBL suas le €50,000
  • dliteanais mhíosúla Íoc Mar a Thuillir ( ÍMAT ) , Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa ( ÁSPC ) ,  Muirear Sóisialta Uilíoch ( MSU ) nó Cáin Maoine Áitiúil ( CMÁ ) suas le €25,000. Tabhair do d'aire : níl feidhm leis an tairseach seo don áis Dochar Dhírigh Athraithigh. 

Féadtar dochar díreach CMÁ a shocrú do do mhaoin trí theacht ar CMÁ ar líne. Chun é seo a dhéanamh, ní mór duit Uimhir Aitheantais Maoine, Uimhir Phearsanta Seirbhísí Poiblí ( UPSP ) agus UAP a bheith agat le haghaidh do mhaoine.

Féadtar do dhochair dhíreacha CMÁ a bhainistiú chomh maith trí moChúrsaí. Ní bheidh gá le hUimhir Aitheantais na Maoine ná an UAP chun seo a dhéanamh.

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís TDD a úsáid

Chun an tseirbhís a úsáid, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:

  • ainm agus seoladh an tsealbhóra cuntais
  • Uimhreacha Idirnáisiúnta Cuntais Bainc (IBAN) agus Cóid Aitheantais Bainc (BIC) do chuntais bainc atá chomhlíontach le SEPA
  • uimhir an chuntais comhair creidmheasa, ar cuntas é atá chomhlíontach le SEPA
  • ainm agus seoladh na hinstitiúide airgeadais
  • uimhir teagmhála fóin.

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís TDD

Tá an tseirbhís seo ar fáil trí ROS, ach na céimeanna seo a leanas a leanúint:

  • ón bpríomh-roghchlár ROS, cliceáil ar an gcluaisín 'Mo Sheirbhísí Féin'
  • faoin rannán 'Íocaíochtaí & Aisíocaíochtaí', cliceáil ar an gcnaipe 'Bainistigh Cuntais Bhainc'
  • faoi 'Treoir Dochair Dhírigh SEPA', cliceáil ar an gcnaipe ‘Dochar Díreach a riar’
  • roghnaigh an cháin ar mian leat dochar díreach a shocrú ina leith, agus cliceáil ar 'Cruthaigh'.