Dochar díreach
Cáin Ioncaim Fostóra
Folaíonn Cáin Ioncaim Fostóra:
- Cáin Ioncaim
- Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC)
- Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU)
- Asbhaint na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) ag an bhfoinse.
Tá scéim dochair dhírigh athraitheach i bhfeidhm le haghaidh Cáin Ioncaim Fostóra.
Faoin scéim dochair dhírigh athraitheach, faigheann na Coimisinéirí Ioncaim cead uait do chuntas bainc a chur chun dochair don iarmhéid amuigh ar an dáta dlite. Cinntíonn sé seo go n-íoctar an méid ceart cánach atá dlite ag an am ceart. Bailíonn na Coimisinéirí Ioncaim íocaíochtaí dochair dhírigh athraitheacha le haghaidh Cáin Ioncaim Fostóra ar an triú lá oibre deireanach de gach mí. Ní fhéadtar dáta asbhainte eile a roghnú.
Féadtar Dochar Díreach Athraitheach a chur ar bun le haghaidh Cáin Ioncaim Fostóra trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).
Dochar díreach Cánach Ioncaim Fostóra a leasú
Is féidir leat do shonraí bainc le haghaidh do dhochar díreach a athrú ar ROS.
Dochar díreach Cánach Ioncaim Fostóra a chealú
Féadtar do dhochar díreach a chealú ag am ar bith trí ROS.
Íocaíochtaí caillte nó neamhíoctha dochair dhírigh i leith Cáin Ioncaim Fostóra
Féadfaidh sé go gcuirfidh do bhanc d’íocaíocht ar ais mar íocaíocht ‘neamhíoctha’. Cuirfear litir amach chun thú a chur ar an eolas nár éirigh leis an íocaíocht. Féadtar an íocaíocht chaillte a íoc ar na bealaí seo:
- trí ROS
- nó
- le cárta dochair nó cárta creidmheasa.
Ba chóir duit an íocaíocht dochair dhírigh a cuireadh ar ceal a athsholáthar chomh luath agus is féidir chun muirir úis a sheachaint.
Seoltóirí grúpa
Ní féidir le seoltóirí grúpa ar mian leo Cáin Ioncaim Fostóra a íoc trí dhochar díreach ach an áis dochair dhírigh athraitheach a roghnú. Ní féidir le seoltóirí grúpa dochar díreach seasta a chur ar bun le haghaidh Cáin Ioncaim Fostóra a íoc. Féach ar na Téarmaí agus Coinníollacha le haghaidh tuilleadh eolais.
Ar aghaidh: Cáin Bhreisluacha (CBL)