Dochar díreach

Féilire don dochar díreach míosúil

Is próiseas féinbhainistithe é an áis dochair dhírigh do chustaiméirí agus do ghníomhairí. Ní fhéadtar dochar díreach a chur ar bun ach amháin chun cáin reatha a íoc maidir leis na cánacha sa tábla thíos. Tá sainordú dochair dhírigh ar leith ag teastáil do gach cáin.

Seo thíos na príomhdhátaí Dochair Dhírigh do gach ceann de na cánacha seo a leanas:

  • CBL
  • Cáin Ioncaim Fostóra
  • Réamhcháin Ioncaim
  • CMÁ
  • Cáin ar Thithe Folmha (CTF)
  • Cáin Shiarchoinneálach ar Thiarnaí Talún Neamhchónaitheacha (NLWT).

Má leasaítear sonraí sainordú dochair dhírigh CMÁ, cruthófar sainordú nua. Dá bhrí sin, is ionann an spriocdháta chun sainordú dochair dhírigh CMÁ a 'Leasú' agus an dáta chun sainordú dochair dhírigh CMÁ a 'Chruthú'.

Ar aghaidh: Cén chaoi fiseáin