Dochar díreach
Cáin Bhreisluacha (CBL)
Tabhair do d'aire
Ó mhí Lúnasa 2025 ar aghaidh, tá dochair dhírigh athraitheach ar fáil chun dliteanais reatha i leith CBL a íoc ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).
Faoin scéim dochair dhírigh athraitheach, faigheann na Coimisinéirí Ioncaim cead uait do chuntas bainc a chur chun dochair don iarmhéid amuigh ar an dáta dlite. Cinntíonn sé seo go n-íocfaidh tú an méid ceart cánach atá dlite ag an am ceart. Bailíonn na Coimisinéirí Ioncaim an íocaíocht dochair dhírigh le haghaidh CBL ar an triú lá oibre deireanach den mhí, nó thart air. Ní fhéadtar dáta asbhainte eile a roghnú.
Dochar díreach CBL a leasú
Féadtar do shonraí bainc do do dhochar díreach a athrú ar ROS .
Dochar díreach CBL a chur ar ceal
Féadtar do dhochar díreach a chealú ag am ar bith trí ROS.
Íocaíochtaí dochair dhírigh CBL caillte nó gan íoc
Féadfaidh sé go gcuirfidh do bhanc d’íocaíocht ar ais mar íocaíocht ‘neamhíoctha’. Cuirfear litir amach chun thú a chur ar an eolas nár éirigh leis an íocaíocht. Is tusa atá freagrach as an íocaíocht chaillte a íoc. Féadtar an íocaíocht chaillte a íoc ar na bealaí seo:
- trí ROS
- nó
- le cárta dochair nó cárta creidmheasa.
Ba chóir duit an íocaíocht dochair dhírigh a cuireadh ar ceal a athsholáthar chomh luath agus is féidir chun muirir úis a sheachaint.
Ar aghaidh: Cáin Ioncaim Fostóra