Cén chaoi le clárúcháin chánach agus tuairiscithe a bhainistiú ar ROS

Bainistigh clárúcháin chánach

Féadann daoine aonair, cuideachtaí agus comhpháirtíochtaí an fheidhm bainistigh clárúcháin chánach a úsáid chun:

  • clárú, nó díchlárú, le haghaidh cánacha éagsúla
  • gníomhairí cánach nasctha a bhaint.

Féadann Gníomhairí Cánach an fheidhm a úsáid chomh maith chun:

  • naisc le cliaint a bhunú nó a bhaint
  • cliant a chlárú nó a dhíchlárú le haghaidh cánacha éagsúla.

Má tá tú cláraithe le haghaidh ROS nó moChúrsaí, seolfaidh do ghníomhaire iarratas ar ríomhnascadh chuig do bhosca isteach i ROS nó M'Fhiosruithe i moChúrsaí. Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar Ríomhnascadh i leith gníomhaire agus comhairleoir.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach na treoracha:

Féadfaidh dlíodóirí cliaint a nascadh, agus a chlárú, le haghaidh Cháin Gnóthachan Caipitiúil (CGC) ar líne. Le haghaidh eolais ar an chaoi leis seo a dhéanamh, féach ar an treoirleabhar How to eRegister a client for CGT- Solicitor.

Bainistigh dualgais tuairiscithe

Tá an fheidhm bainistigh dualgais tuairiscithe cosúil leis an bhfeidhm bainistigh clárúcháin chánach. Tá sé i bhfeidhm ar Thuairisciú ar Scairscéimeanna (SSR), An tAcht um Chomhlíontacht Cánach Cuntas Eachtrach (FATCA), Comhoibriú Riaracháin- Comhchaighdeán Tuairiscithe (DAC2-CRS), Comhoibriú Riaracháin-Tír ar Thír (DAC4-CbC), DAC6 agus DAC7.

Le haghaidh eolas ar dualgais tuairiscithe a bhainistiú, féach ar na treoirleabhair: