Ráitis inrochtaineachta na gCoimisinéirí Ioncaim

Ráiteas inrochtaineachta i leith na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ)

Tá na Coimisinéirí Ioncaim tiomanta don chóras CMÁ ar líne a dhéanamh inrochtana do gach duine. Tá sé seo i gcomhréir le European Union (Accessibility of Websites and Mobile Applications of Public Sector Bodies) Regulations 2020.

Baineann an ráiteas inrochtaineachta seo le CMÁ ar líne, ar féadtar teacht air trí https://lpt.revenue.ie

Bearta chun tacú le hinrochtaineacht

Chun inrochtaineacht córais CMÁ ar líne a chinntiú, cuireann Revenue.ie

  • inrochtaineacht san áireamh mar chuid dár ráiteas misin
  • inrochtaineacht san áireamh inár bpolasaithe inmheánacha
  • agus
  • traenáil inrochtaineachta leánúnach ar fáil do bhaill foirne.

Stádas Comhréireachta

Sainmhíníonn Web Content Accessibility Guidelines (WCAG) riachtanais do dhearthóirí agus d’fhorbróirí chun inrochtaineacht do dhaoine atá faoi mhíchumas a fheabhsú. Sainmhínítear trí leibhéal comhréireachta: Leibhéal A, Leibhéal AA, agus Leibhéal AAA.

Leanann dearadh na CMÁ treoirlínte WCAG Leibhéal AA, mar atá leagtha amach ag Feadhnacht an Ghréasáin Dhomhanda. Cuireann an Web Accessibility Initiative (WAI) treoirlínte ar fáil a aithnítear go hidirnáisiúnta mar mharc tagartha ar inrochtaineacht iad.

Tá CMÁ comhréireach go páirteach le WCAG 2.1 leibhéal AA.

Leanann CMÁ ar aghaidh ag déanamh monatóireachta ar fhorbairtí agus athruithe sna treoirlínte WCAG de chuid an WAI agus sa chleachtas ginearálta is fearr ó thaobh suíomhanna idirlín.

Sonraí teicniúla

Braitheann CMÁ ar líne ar na teicneolaíochtaí seo a leanas chun oibriú leis an meascán ar leith de bhrabhsálaí gréasáin agus aon teicneolaíochtaí cúnta nó breiseán atá suiteáilte ar do ríomhaire:

  • HTML
    • fíoraíodh gach leathanach in HTML 5, rud a chinntíonn go n-oibríonn siad le réimse leathan brabhsálaithe.
  • CSS
    • tá na méideanna cló uile ina méideanna coibhneasta, rud a ligeann d’úsáideoirí méid an chló a athrú go héasca trína bhfeidhm roghanna brabhsála i leith méideanna cló.
    • Ní úsáideann an stíleáil ach comhaid sheachtracha stílbhileoige cáscáidí (CSS) amháin ar mhaithe le comhoiriúnacht uasta a chinntiú.
    • tá ábhar gach leathanaigh fós inléite, fiú bhfuil do bhrabhsálaí nó do ghléas brabhsála comhoiriúnach le CSS
  • JavaScript
    • feidhmeoidh gach leathanach gan JavaScript.
  • WAI-ARIA
    • Cabhraíonn cur síos leabaithe le húsáideoirí a bhfuil lagú radhairc orthu agus a úsáideann léitheoirí scáileáin.
    • tá aitreabúidí téacs thuairisciúil mhalartaigh (ALT) in úsáid le haghaidh gach íomhá ábhair.
    • Déantar gach leathanach a phriontáil amach i bhformáid atá an-inléite, ar leathanach caighdeánach A4.

Teorainneacha agus roghanna malartacha

In ainneoin iarrachtaí inrochtaineacht a chinntiú, féadfaidh sé go mbeidh roinnt teorainneacha ann. Déan teagmháil linn má thugann tú fadhb faoi deara nach bhfuil sa liosta thíos.

Teorainneacha aitheanta na Tairsí CMÁ

  • Teanga: Níl athraíonn an tréith ‘Lang’ go dtí an teanga roghnaithe ar leathanaigh áirithe.
  • Teicneolaíocht léitheoireachta scáileáin:
    • Molann muid JavaScript a dhí-chumasú chun barr feabhais a chur ar léamh scáileáin ar CMÁ.
    • Léann sé gach gné de liostaí anuas seachas an rud nach bhfuil le feiceáil ar an scáileán amháin.
  • Lipéid:
    • Níl lipéad ag roinnt comhpháirteanna CÚ.
    • Tá tréithe alt in easnamh ar roinnt leathanaigh.
  • Láimhseálaithe ar-cliceáil:
    • Níl an láimhseálaí brúigh ar eochair ag leathanaigh áirithe, rud a chiallaíonn nach féidir naisc a rochtain ach le luch.
  • Táblaí:
    • Níl na heilimintí lipéadaithe cearta ag roinnt táblaí.
  • Earráidí Marcáil Suas:
    • Ní fhéadtar clibeanna HTML a oscailt ar roinnt leathanaigh
  • D'fhéadfadh teorainneacha a bheith leis an treoir luachála maoine https://lpt.revenue.ie/lpt-web/valuation-guide/index.htm ar féadtar í a sheoladh ó CMÁ ar líne, toisc go n-áiríonn sí bogearraí tríú páirtí.

Aiseolas

Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas. Má thagann tú trasna ar bhaic inrochtaineachta ar CMÁ, déan teagmháil le d’Oifigeach Rochtana ábhartha.

Gearáin fhoirmeálta

Mura bhfuil tú sásta le freagra na gCoimisinéirí Ioncaim, féadfaidh tú gearán a dhéanamh leis an Ombudsman faoin Acht um Míchumas.

An ráiteas inrochtaineachta seo a ullmhú

Rinne na Coimisinéirí Ioncaim measúnú ar inrochtaineacht córais CMÁ trí féinmheastóireacht a úsáid.

Ar aghaidh: Ráiteas inrochtaineachta moChúrsaí