Ráitis inrochtaineachta na gCoimisinéirí Ioncaim

Ráiteas inrochtaineachta Revenue.ie

Tá na Coimisinéirí Ioncaim tiomanta dá suíomh idirlín a dhéanamh inrochtana. Tá sé seo i gcomhréir le European Union (Accessibility of Websites and Mobile Applications of Public Sector Bodies) Regulations 2020.

Baineann an ráiteas inrochtaineachta seo le hábhar a fhoilsítear ar www.revenue.ie

Bearta chun tacú le hinrochtaineacht

Tógann na Coimisinéirí Ioncaim na bearta seo a leanas chun inrochtaineacht shuímh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim a chinntiú:

  • Inrochtaineacht a chur san áireamh mar chuid dár ráiteas misin.
  • Inrochtaineacht a chur san áireamh inár bpolasaithe inmheánacha.
  • Traenáil inrochtaineachta leánúnach a chur ar fáil dár mbaill foirne.

Stádas comhréireachta

Mínítear in Web Content Accessibility Guidelines (WCAG) na riachtanais do dhearthóirí agus d’fhorbróirí chun inrochtaineacht do dhaoine atá faoi mhíchumas a fheabhsú. Mínítear ann na trí leibhéal chomhréireachta: Leibhéal A, Leibhéal AA, agus Leibhéal AAA. Tá Revenue.ie comhréireach go páirteach le WCAG 2.1 leibhéal AA. Is éard is brí le comhréireach go páirteach ná nach gcloíann cuid den ábhar leis an gcaighdeán inrochtaineachta.

Sonraí teicniúla

Braitheann inrochtaineacht shuímh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim ar na teicneolaíochtaí seo a leanas oibriú le brabhsálaí gréasáin agus aon teicneolaíocht chúnta nó breiseán atá suiteáilte ar do ríomhaire:

  • HTML
  • CSS
  • JavaScript
  • WAI-ARIA.

Braitheann na teicneolaíochtaí seo ar chomhréireacht leis na caighdeáin cúnta a úsáidtear.

Teorainneacha agus roghanna malartacha

In ainneoin ár n-iarrachtaí inrochtaineacht shuímh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim a chinntiú, féadfaidh sé go mbeidh roinnt teorainneacha ann. Tá cur síos ar na teoiranneacha aitheanta agus réitigh féideartha thíos. Déan teagmháil linn má thugann tú fadhb faoi deara nach bhfuil sa liosta thíos.

Teorainnacha aitheanta shuíomh idirlíon na gCoimisinéirí Ioncaim

  • Táblaí: Níl ceannteidil sannta ceart ag roinnt tábla.
  • Táblaí: Tá míreanna foirme ag roinnt tábla nach bhfuil lipéad gaolmhara acu.
  • Ticbhoscaí: Níl oibríochtaí méarchláir ag roinnt ticbhosca.
  • Lipéid: Níl lipéad ag roinnt comhpháirt.
  • Liostaí: Féadfaidh sé go mbeidh níos mó ná míreanna <li> i roinnt liosta neamhordaithe.

Aiseolas

Cuireann muid fáilte roimh d’aiseolas ar inrochtaineacht shuímh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim. Má thagann tú trasna ar bhaic inrochtaineachta ar revenue.ie, déan teagmháil le d’Oifigeach Rochtana.

Gearáin fhoirmeálta

Mura bhfuil tú sásta le freagra na gCoimisinéirí Ioncaim, féadfaidh tú gearán a dhéanamh leis an Ombudsman faoin Acht um Míchumas.

Ullmhú an ráitis inrochtaineachta

Mar ullmhú don ráiteas seo, rinne na Coimisinéirí Ioncaim measúnú ar chomhlíontacht an tsuímh gréasáin le Riachtanais na Treorach 2016/2102 ón AE ar bhealach féinmheasúnuaithe in aghaidh WCAG 2.1.

Ar aghaidh: Ráiteas inrochtaineachta i leith na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ)