Gníomhais Chúnaint

Cúnaint a cháilíonn i gcomhair faoisimh

Cáilíonn cúnaint le daoine áirithe i gcomhair faoiseamh cánach. Féadfaidh tú faoiseamh a éileamh ar chúnaint do:

  • Dhuine fásta amháin nó níos mó atá aois 65 nó níos sine. Tá an faoiseamh a fhaigheann tú srianta go dtí 5% de d'ioncam iomlán.
  • Mionaoisigh faoi éagumas go buan. Is ionann mionaoiseach agus duine faoi 18 mbliana d'aois nach bhfuil pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta. Ní fhéádfaidh tú faoiseamh cánach a éileamh ar íocaíochtaí cúnaint le híoc le do leanbh éagumasaithe féin.
  • Daoine fásta faoi éagumas go buan.

Ní mór do Ghníomhas Cúnaint maireachtáil ar feadh níos mó ná sé bliana chun cáiliú le haghaidh faoiseamh cánach. Molaimid go ndéanfá cúnant a mhaireann ar feadh seacht mbliana ar a laghad.

Ar aghaidh: Gníomhas Cúnaint a Dhéanamh