Gníomhais Chúnaint

Léargas ginearálta

Is comhaontú scríofa ata ceangailteach de réir é Gníomhas Cúnant chun suim aontaithe a íoc le duine eile. Ní fhéadfaidh tú aon bhuntáiste a fháil ar ais as an tsuim sin a íoc.

Más tusa an duine a dhéanann an íocaíocht, glaoitear an cúnantóir ort. Más tusa an duine a fhaigheann an íocaíocht, glaoitear cúnantaí nó tairbhí ort.

Ní mór an gníomhas a dhréachtú i gceart, é a shíniú, a fhianú, séalú agus a sheachadadh ar an gcúnantaí le bheith éifeachtach ar bhonn dlí.

Féadfaidh tú aon suim a íoc faoi ghníomhas cúnaint. Mar sin féin, ní cháilíonn ach cúnantaí áirithe le haghaidh faoiseamh cánach.

Ar aghaidh: Cúnaint a cháilíonn i gcomhair faoisimh