Gníomhais Chúnaint

Gníomhas Cúnaint a Dhéanamh

Chun Gníomhas Cúnaint a dhéanamh le duine eile ní mór duit an Fhoirm um Ghníomhas Cúnaint do dhaoine aonair a chomhlánú. Nó, d'fhéadfá labhairt le comhairleoir gairmiúil cosúil le cuntasóir nó aturnae.

Ní mór duit an gníomhas a chomhlánú sula ndéanann tú aon íocaíochtaí. Ní fhéadfar caitheamh le híocaíochtaí a dhéanann tú sula ndéantar an gníomhas, nó tar éis deireadh teacht leis, mar íocaíochtaí faoin ngníomhas.

Ní fhéadfaidh tú gníomhas a siardhátú. Ní bhíonn gníomhas éifeachtach ach amháin ón dáta a ndéantar é.

Ní mór do ghníomhas a dhéanann tú seasamh ar feadh breis is sé bliana. Ní mór duit a chinntiú go bhféadfaidh tú na híocaíochtaí go léir a dhéanamh sula dtagann deireadh leis an ngníomhas.

Ní mór duit do chuid íocaíochtaí a íoc ar na dátaí luaite agus do na suimeanna atá sonraithe sa ghníomhas. Ní fhéadfaidh tú minicíocht nó suim na n-íocaíochtaí a athrú i rith thréimhse an ghníomhais.

Ní fhéadfaidh tú aon tairbhe a fháil ar ais as suimeanna a íoc faoin nGníomhas Cúnaint.

Más tusa an tairbhí, ní mór duit Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) a bheith agat chun na híocaíochtaí a fháil. Mura bhfuil ceann agat, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar UPSP trí dhul i dteagmháil le do oifig Intreo.

Ar aghaidh: Do fhreagrachtaí cánach