Teach a dhíol

Nuair a dhíoltar teach, féadfaidh sé go mbeidh ort Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC) a íoc ar fháltais an díola.

Faoisimh i leith Príomháit Chónaithe Phríobháideach (PÁCP)

Más é an teach an t-aon teach atá agat, nó más é do phríomháit chónaithe é, féadfaidh sé go mbeidh tú i dteideal éileamh a dhéanamh ar Faoisimh i leith PÁCP.

Féadfaidh sé go mbreathnófaí ar an talamh nó ar an ngairdín suas le haon acra (0.405 heictéar) mar chuid de do bhaile don Fhaoiseamh PÁCP. Ní áirítear leis seo suíomh an tí – rud nach gcuirtear san áireamh agus an faoiseamh á chur i bhfeidhm. Ní bhaineann an faoiseamh seo le haon talamh a sháraíonn an méid seo.

Sa chás go bhfuil tú i dteideal faoiseamh iomlán, ní bheidh ort CGC a íoc agus do theach á dhíol agat. I gcúinsí áirithe, féadtar faoiseamh páirteach a fháil.

Tabhair do d’aire

Ní mór duit i gcónaí tuairisceán cánach a thíolacadh i leith an díola, fiú nuair atá Faoiseamh PÁCP i bhfeidhm a chiallaíonn nach bhfuil ort CGC a íoc.