Aisíocaíochtaí eile Dleachta Stampa

Léargas ginearálta

Féadfaidh sé go bhfuil aisíocaíocht dlite duit sna cásanna seo:

  • má rinne tú Dleacht Stampa a ró-íoc ar ionstraim (doiciméad i scríbhinn)
  • má d’íoc tú Dleacht Stampa ar ionstraim nach bhfuil inmhuirir i leith Dleacht Stampa
  • má d’íoc tú Dleacht Stampa ar ionstraim a bhfuil foráil shonrach aisíocaíochta ann dó sa dlí ar an Dleacht Stampa.

Socruithe eatramhacha

Féadfaidh sé go bhfuil aisíocaíocht dlite duit má chomhlíonann tú coinníollacha áirithe: Le haghaidh tuilleadh eolais , féach Talamh agus foirgnimh chónaitheacha agus neamhchónaitheacha

Chun aisíocaíocht a éileamh sa chás go bhfuil socruithe idirthréimhseacha i bhfeidhm, ba chóir duit an méid seo a dhéanamh:

Ba chóir an méid seo a leanas a bheith i do chomhfhreagras:

  • Uimhir Aitheantais an Doiciméid (gheobhaidh tú é seo ar an tuairisceán bunaidh Dleachta Stampa)
  • deimhniúchán go bhfuil an tuairisceán leasaithe agat agus go bhfuil aisíocaíocht á lorg agat
  • agus
  • breac-chuntas ar na cúiseanna atá le d'éileamh ar aisíocaíocht

Ba chóir duit an méid seo a leanas a chur san áireamh le do chomhfhreagas:

  • cóip dheimhnithe den chonradh ceangailteach
  • agus
  • cóip dheimhnithe den ionstraim.

Chun eolas a fháil ar céard atá le cur san áireamh le d'éileamh faoi na socruithe idirthréimhseacha, féach socruithe idirthréimhseacha do mhaoin chónaithe agus socruithe idirthréimhseacha do mhaoin neamhchónaithe.

Scéim Aisíocaíochta na Dleachta Stampa ar Fhorbraíochtaí Cónaitheacha

Féadfaidh sé go bhfuil tú incháilithe le haisíocaíocht a fháil faoin Scéim seo. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Scéim Aisíocaíochta na Dleachta Stampa ar Fhorbraíochtaí Cónaitheacha.

Ar aghaidh: Cén chaoi a n-éilítear aisíocaíocht?