Aisíocaíochtaí eile Dleachta Stampa
Cén chaoi a n-éilítear aisíocaíocht?
Más tú an duine a thíolaic an tuairisceán Dleachta Stampa bunaidh (tíolaiceoir bunaidh) ba chóir duit tuairisceán a leasú ar ROS. Taispeánfar ar an tuairisceán leasaithe suim na haisíocaíochta atá dlite. I gcás an Fhaoisimh i leith Comhdhlúthú Feirme ná déan dearmad an tsuim sa réimse ‘Comaoin’ ar an tuairisceán a athrú go dtí an tsuim inmhuirir.
Ba chóir duit ansin scríobh chuig an Oifig Náisiúnta um Dhleacht Stampa chun an aisíocaíocht a éileamh.
Murach tusa an tíolaiceoir bunaidh ach gur tú an duine cuntasach féadfaidh tú:
- cur isteach ar an aisíocaíocht thú féin
- nó
- duine eile seachas an tíolaiceoir bunaidh a ainmniú (ainmní) chun an aisíocaíocht a éileamh ar do shon.
Ba chóir duitse, nó do d’ainmní scríobh chuig an Oifig Náisiúnta um Dhleacht Stampa chun an aisíocaíocht a éileamh.
Céard ba chóir a chur san áireamh i d’iarratas aisíocaíochta
San éileamh aisíocaíochta, cuir an méid seo a leanas san áireamh ann:
- an chúis a gcreideann tú go bhfuil aisíocaíocht dlite
- cóip dheimhnithe den ionstraim bhunaidh (doiciméad i scríbhinn)
- gach doiciméad ábhartha
- agus
- aitheantas an Doiciméid faoinar tíolacadh an tuairisceán Dleachta Stampa bunaidh.
Má tá tú i d’ainmní, ba chóir duit freisin údarú an duine chuntasaigh a chur san áireamh le go bhféadfaidh siad gníomhú thar do cheann.
Le tuilleadh eolais a fháil ar céard atá le cur san áireamh le d’éileamh faoi na bearta eatramhacha, féach an rannán Léasanna – socruithe eatramhacha.
Le tuilleadh eolais a fháil ar a bhfuil le cur san áireamh le d’éileamh faoi Scéim Aisíocaíochta na Dleachta Stampa ar Fhorbairtí Cónaithe, féach Scéim Aisíocaíochta na Dleachta Stampa ar Fhorbairtí Cónaithe.
Aisíocaíochtaí i leith ionstraimí neamhbhailí nó curtha ó mhaith
Féadfaidh tú aisíocaíocht a éileamh mar gheall go bhfuil, mar shampla, an ionstraim:
- neamhbhailí
- go bhfuil earráid ann a chiallaíonn nach bhfuil sé oiriúnach don fheidhm bhunaidh a bhí beartaithe.
Ba chóir duit an méid seo a leanas a chur san áireamh le d’iarratas aisíocaíochta:
- an chúis a gcreideann tú go bhfuil an ionstraim neamhbhailí nó curtha ó mhaith
- an ionstraim bhunaidh
- gach doiciméad ábhartha
- deimhniú nach bhfuil aon imeachtaí dlí ar bun ina bhféadfaí go dtabharfaí, nó gur tugadh nó gur tairgíodh an ionstraim mar fhianaise
- na cúiseanna nach raibh na daoine ar aistríodh an mhaoin chucu in ann a dteideal don mhaoin a chlárú
- agus
- aitheantas Doiciméid na hionstraime bunaidh faoinar tíolacadh an tuairisceán Dleacht Stampa bunaidh.
Céard a tharlaíonn má tá cánacha eile dlite le híoc agat?
Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim suim na haisíocaíochta Dleachta Stampa atá dlite duit a fhritháireamh in aghaidh cánacha eile atá dlite le híoc agat.
Céard a tharlaíonn má dhiúltaíonn muid d’éileamh?
Má dhiútaíonn muid d’éileamh, cuirfidh muid ar an eolas thú faoin bhfáth. Tá an ceart agat achomharc i gcoinne diúltú d’éilimh a dhéanamh leis an gCoimisiún um Achomhairc Chánach.
Ar aghaidh: Cén chaoi a n-íoctar an aisíocaíocht Dleachta Stampa?