Aisíocaíochtaí eile Dleachta Stampa

Teorainn ama ar éilimh aisíocaíochta i leith Dleacht Stampa

Ní mór d’éileamh aisíocaíochta Dleachta Stampa a dhéanamh taobh istigh de thréimhse ceithre bliana dar tús:

  • an dáta a dhéanann na Coimisinéirí Ioncaim an ionstraim (doiciméad i scríbhinn) a stampáil, is é sin, an dáta ar an deimhniú stampa
  • an dáta a bhaineann an feirmeoir óg oilte an caighdeán iarrtha oideachasúil amach, más rud é go bhfuil tú ag éileamh Young Trained Farmer Relief
  • an dáta a d’admhaigh an t-údarás áitiúil d’Fhógra Tosach Feidhme nó Fógra 7 Lá mar fhógra bailí i gcás Scéim Aisíocaíochta na Dleachta Stampa ar Fhorbairtí Cónaithe.

Má tá, áfach, aisíocaíocht á héileamh agat i leith Dleacht Stampa a íocadh i leith an mhéid seo:

  • ionstraimí áirithe chomh maith le comhaontú tógála i leith teach cónaithe nó árasáin
  • léasanna áirithe chomh maith le comhaontú tógála i leith teach cónaithe nó árasáin

ní mór duit d’éileamh aisíocaíochta a dhéanamh taobh istigh de thrí bliana ón dáta ar an deimhniú stampa