Aisíocaíochtaí eile Dleachta Stampa

Cén chaoi a n-íoctar an aisíocaíocht Dleachta Stampa?

Braitheann an modh íocaíochta ar an té a dhéanann an t-éileamh aisíocaíochta.

Más tusa an duine cuntasach agus an tíolaiceoir bunaidh araon, cuirfidh muid an aisíocaíocht chun sochair do chuntais bainc. Is é do chuntas banc an ceann a d’ainmnigh tú nuair a shocraigh tú suas do Threoir Dochair ROS (TDR). Más rud é, áfach, gur íoc tú an Dleacht Stampa le Ríomhaistriú Airgid nó le seic, seolfaidh muid seic chugat.

Más tusa an tíolaiceoir bunaidh ach mura tusa an duine cuntasach, cuirfidh muid an aisíocaíocht chun sochair do chuntais bainc. Is é an cuntas banc a roghnaigh tú nuair a shocraigh tú suas do TDR an cuntas banc a bheidh in úsáid. Ba chóir gurb é seo Cuntas Cliaint do Ghnólachta. 

Murar ainmnigh tú Cuntas Cliaint do Ghnólachta nuair a shocraigh tú suas do TDR, is gá duit do shonraí cuntais a athrú go dtí sonraí Cuntas Cliaint do Ghnólachta. Is gá duit na sonraí seo a athrú sula ndéanann tú iarratas ar aisíocaíocht. 

Más tusa an duine cuntasach ach mura tusa an tíolaiceoir bunaidh, seolfaidh muid seic chugat. Mar chuid den phróiseas is gá dúinn an tuairisceán bunaidh a leasú ionas go léiríonn sé gur tusa an tíolaiceoir.  

Más tusa ainmní an duine chuntasaigh, cuirfidh muid an aisíocaíocht chun sochair do chuntais bainc. Is é do chuntas banc an ceann a d’ainmnigh tú nuair a shocraigh tú suas do TDR le haghaidh na Dleachta Stampa. 

Más rud é gur íoc tú an Dleacht Stampa le Ríomhaistriú Airgid nó le seic, áfach, seolfaidh muid seic chugat. Mar chuid den phróiseas is gá dúinn an tuairisceán bunaidh a leasú ionas go léiríonn sé gur tusa an tíolaiceoir.    

I gcás go ndéanann muid aisíocaíocht le seic, seolfaidh muid an seic chuig an seoladh atá ar taifead againn mar do sheoladh oifigiúil. Ba chóir duit cinntiú gurb é an seoladh seo an seoladh ceart sula ndéanann tú éileamh.

Mura nglacann muid le d’éileamh, cuirfidh muid ar an eolas thú faoin bhfáth.  Tá an ceart agat achomharc i gcoinne diúltú d’éilimh a dhéanamh.  Le tuilleadh eolais a fháil, féach Dleacht Stampa ar achomhairc mhaoine.

Ar aghaidh: Teorainn ama ar éilimh aisíocaíochta i leith Dleacht Stampa