Dleacht Stampa agus Maoin

Socruithe eatramhacha

Tá feidhm ag an ráta 7.5% ar ionstraimí (doiciméid i scríbhinn) a fhorghníomhaítear (iad a shíniú, a shéalú nó an dá rud) ar an 9 Deireadh Fómhair 2019 nó dá éis.

Foráiltear i mBuiséad 2020 do shocruithe idirthréimhseacha. 

Faoi na socruithe:

  • sa chás go bhfuil conradh ceangailteach ar bun roimh 9 Deireadh Fómhair 2019
  • agus
  • go bhforghníomhaítear an ionstraim a aistríonn úinéireacht roimh an 1 Eanáir 2020
  • agus
  • go bhfuil deimhniú san áireamh san ionstraim

íocfaidh tú Dleacht Stampa ag an ráta réamh-Bhuiséid 6%.

An fhoclaíocht sa deimhniú ná:

“Deimhnítear leis seo gur forghníomhaíodh an ionstraim seo go heisiach de bhun conradh ceangailteach a rinneadh roimh 9 Deireadh Fómhair 2019.”

Tá an ráta Dleachta Stampa 6% i bhfeidhm ar ionstraimí (doiciméid i scríbhinn) lena n-aistrítear maoin neamhchónaithe a fhorghníomhaítear (iad a shíniú, a shéalú nó an dá rud) ar an 11 Deireadh Fómhair 2017 nó dá éis.

Tá foráil san Acht Airgeadais, 2017 le haghaidh socruithe eatramhacha, áfach. Faoi na socruithe seo, tá ráta dleachta 2% inmhuirir i leith ionstraimí a fhorghníomhaítear roimh 1 Eanáir 2018:

  • sa chás go bhfuil conradh ceangailteach ar bun roimh 11 Deireadh Fómhair 2017
  • agus
  • go bhfuil deimhniú san áireamh san ionstraim.

An fhoclaíocht sa deimhniú ná:

“Deimhnítear leis seo gur forghníomhaíodh an ionstraim seo go heisiach de bhun conradh ceangailteach a rinneadh roimh 11 Deireadh Fómhair 2017.”

Baineann na socruithe eatramhacha a bhaineann le léasanna le hionstraimí lena n-aistrítear maoin neamhchónaithe a fhorghníomhaítear ar an 11 Deireadh Fómhair 2017 nó dá éis chomh maith.