Céard a tharlaíonn mura gcomhlíonann tú d'oibleagáidí?

Cuirfear pionóis i bhfeidhm mura gcomhlíonann tú do dhualgais Cánach ar Thithe Folmha (CTF) ina n-iomláine. Ina measc seo, áirítear:

  • formhuirear
  • pionós 
  • agus
  • ús ar íocaíocht dhéanach CTF.

Ní mór duit do Thuairisceán CTF a thíolacadh ar an 7 Samhain tar éis dheireadh na tréimhse inmhuirir.

Formhuirear as Tuairisceán CTF a thíolacadh go déanach

Beidh formhuirear i bhfeidhm mura ndéanann tú Tuairisceán CTF ceart a thíolacadh faoin dáta dlite. Beidh formhuirear i bhfeidhm freisin má thíolacann tú Tuairisceán CTF faoin dáta dlite, ach níl sé ceart.

Is é suim an fhormhuirir ná:

  • 5% den CTF iníoctha, má thíolactar tuairisceán ceart laistigh de 2 mhí ón dáta dlite
  • 10% den CTF iníoctha, sa chás nach ndéantar tuairisceán ceart a thíolacadh laistigh de 2 mhí ón dáta dlite.

Tá an formhuirear seo ar bharr an muirear iarbhír CTF, móide aon ús a d’fhéadfadh teacht aníos mar gheall ar íocaíocht dhéanach.

Pionós as loiceadh Tuairisceán CTF a thíolacadh faoin dáta dlite

Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim pionós a ghearradh má theipeann ort Tuairisceán CTF ceart a thíolacadh faoin dáta dlite.

Braithfidh cineál an phionóis agus suim an phionóis ar chúinsí sonracha gach cás.

Ús ar íocaíochtaí déanacha CTF

Ní mór duit do mhuirear CTF a íoc ar nó roimh 1 Eanáir tar éis dheireadh na tréimhse inmhuirir. Chun tuilleadh eolais a fháil ar dhátaí dlite íocaíochta, féach Céim 6: Deimhnigh do shocraíochtaí íocaíochta.

Cuirfear ús i bhfeidhm ar gach lá nó cuid de lá a bhfuil an muirear CTF amuigh, gan íoc. Is é an ráta úis ná 0.0219% in aghaidh an lae, arb ionann é agus 8% in aghaidh na bliana. Ní mór aon ús dlite a bheith curtha san áireamh le gach íocaíocht amuigh i leith CTF.