Céard is gá a dhéanamh

Céim 5: Tíolaic do Thuairisceán CTF

Má bhaineann an Cháin ar Thithe Folmha (CTF) le do mhaoin, ní mór duit tuairisceán CTF a thíolacadh faoin 7 Samhain, tar éis dheireadh na tréimhse inmhuirir. Is é an tréimhse inmhuirir don CTF gach bliain ná 1 Samhain go dtí an 31 Deireadh Fómhair an bhliain dár gcionn.

Tabhair do d’aire

Bhí an tríú tréimhse inmhuirir ón 1 Samhain 2024 go dtí an an 31 Deireadh Fómhair 2025. Má bhí feidhm le CTF i leith do mhaoin don tríú tréimhse inmhuirir, ba chóir do thuairisceán CTF a a bheith tíolactha do na Coimisinéirí Ioncaim faoin 7 Samhain 2025.

Cén chaoi le do thuairisceán CTF a thíolacadh

Ní mór duit do thuairisceán CTF a thíolacadh ar líne tríd an tairseach CTF. Beidh tú in ann rochtain ar an tairseach CTF trí logáil isteach ar:

  • moChúrsaí
  • an tSeirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)
  • an tseirbhís Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) ar líne.

Nuair atá rochtain agat ar an tairseach CTF, déan mar a leanas:

  1. Roghnaigh an tréimhse inmhuirir ábhartha ón roghchlár anuas.
  2. Cliceáil ar an gcnaipe 'Tíolaic'.
  3. Roghnaigh 'Cliceáil anseo chun tús a chur leis an bpróiseas 3 chéim chun do thuairisceán a thíolacadh'.

Ansin beidh tú in ann na céimeanna thíos a leanúint chun do thuairisceán a thíolacadh.

Déan athbhreithniú ar do chuid sonraí

Sa chéim seo, beidh ort stádas do mhaoine a dheimhniú. Más úinéir thú a bhfuil níos mó ná maoin amháin agat, beidh ort stádas gach maoine a dheimhniú. Beidh sé de rogha agat a dheimhniú an raibh an mhaoin:

  • folamh
  • áitithe
  • gur athraigh úinéireacht na maoine taobh istigh den tréimhse inmhuirir.

Do thuairisceán CTF a thíolacadh

Má dhearbhaíonn tú go raibh do mhaoin folamh, ní mór duit dul ar aghaidh agus tuairisceán CTF a thíolacadh. Ar an tuairisceán seo, féadtar a dheimhniú an gcáilíonn do mhaoin le haghaidh díolúine.

Féadfaidh tú a dheimhniú an gcáilíonn do mhaoin le haghaidh díolúine. Mura mbaineann aon díolúintí le do mhaoin, ba chóir duit an rogha 'Ní bhaineann le hábhar' a roghnú. Má tá roinnt maoine agat, beidh tú in ann an díolúine riachtanach a roghnú do gach maoin ina n-aonar. Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le díolúintí, féach ar an rannán Díolúintí CTF. Léireofaí scáileán achomair ansin ina bhféadtar an méid seo a leanas a dheimhniú:

  • sonraí faoi do thuairisceán
  • iomlán na cánach iníoctha
  • agus
  • an modh íocaíochta is rogha leat.

Déan íocaíocht

Nuair a thíolacann tú do thuairisceán CTF, iarrfar ort do chineál íocaíochta a dheimhniú. Féadfaidh tú cibé acu seo a leanas a roghnú:

  • d’íocaíochtaí a roinnt thar an mbliain ina dhiaidh trí dhochar díreach
  • íoc go hiomlán trí Threoir Dochair Bhliantúil (TDB)
  • 'Íoc Anois' go hiomlán trí chárta creidmheasa nó dochair.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Céim 6.

Doiciméid Tacaíochta

Nuair atá do thuairisceán á thíolacadh agat ar líne, is féidir go n-iarrfar ort doiciméid tacaíochta a chur ar fáil. Má éilíonn tú díolúine ó CTF, iarrfar ort doiciméid a chur ar fáil chun tacú le d'éileamh. Iarrfar ort freisin doiciméid tacaíochta a chur ar fáil má dhearbhaíonn tú go raibh do mhaoin áitithe le linn na tréimhse inmhuirir.

Féadtar an cháipéisíocht seo a thíolacadh tríd an tairseach CTF. Tabhair faoi deara gur féidir trí chomhad ar a mhéad in aghaidh na maoine a thíolacadh tríd an tairseach. Ní féidir le comhaid a bheith níos mó ná 2MB.

De rogha air sin, féadtar doiciméid tacaíochta a sheoladh chuig:

SAORPHOST
Brainse CMÁ agus CTF
Bosca PO 1
Luimneach.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar oibleagáidí maidir le taifid a choinneál agus reachtaíocht.

Maoine faoi úinéireacht ag níos mó ná duine amháin

Sa chás go bhfuil maoin faoi chomhúinéireacht, ní mór don duine inmhuirir ainmnithe tuairisceán CTF amháin a thíolacadh, thar ceann na gcomhúinéirí go léir. Seolfaidh na Coimisinéirí Ioncaim gach comhfhreagras CTF don mhaoin don duine dliteanach ainmnithe. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Cé hé/hí an duine inmhuirir?

Ar aghaidh: Céim 6: Deimhnigh do chineál íocaíochta