Céard is gá a dhéanamh
Léargas ginearálta
Féadfaidh sé go mbeidh tú faoi dhliteanas na Cánach ar Thithe Folmha (CTF) más rud é:
- go bhfuil maoin chónaithe agat
- agus
- go raibh sí in úsáid mar áit chónaithe ar feadh níos lú ná 30 lá ar a laghad sa tréimhse inmhuirir 12 mhí.
Is é an tréimhse inmhuirir don CTF gach bliain ná 1 Samhain go dtí an 31 Deireadh Fómhair an bhliain dár gcionn.
Tréimhsí inmhuirir le haghaidh Cánach ar Thithe Folmha (CTF)
| Tréimhse inmhuirir | Dátaí |
| Tréimhse 1 |
1 Samhain 2022 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2023 |
| Tréimhse 2 |
1 Samhain 2023 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2024 |
| Tréimhse 3 |
1 Samhain 2024 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2025 |
| Tréimhse 4 |
1 Samhain 2025 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2026 |
Tá tuairisceáin CTF dlite an 7 Samhain, tar éis dheireadh na tréimhse inmhuirearaithe.
Céimeanna le tógáil in 2026
Ar an 1 Samhain 2026, beidh ort a chinneadh an raibh do mhaoin chónaithe folamh ar feadh aon tréimhse le linn an ceathrú tréimhse inmhuirir. Ba chóir duit athbhreithniú a dhéanamh ar na sé chéim seo chun tuiscint a fháil ar an méid atá le déanamh agat:
- Céim 1: Déan seiceáil an maoin chónaithe le haghaidh Cáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) í do mhaoin.
- Céim 2: Déan seiceáil an bhfuil feidhm ag CTF ar do mhaoin.
- Céim 3: Déan seiceáil cén fhad a raibh do mhaoin in úsáid.
- Céim 4: Déan seiceáil an bhfuil tú incháilithe le haghaidh díolúine.
- Céim 5: Tíolaic do thuairisceán CTF.
- Céim 6: Deimhnigh do chineál íocaíochta.
Tabhair do d’aire
Má bhí feidhm le CTF ar do mhaoin don tríú tréimhse inmhuirir, bhí do thuairisceán CTF dlite faoin 7 Samhain 2025. Mura bhfuil do thuairisceán CTF tíolactha agat cheana féin, ba chóir duit é sin a dhéanamh láithreach.
Céard atá le déanamh má dhéanann na Coimisinéirí Ioncaim teagmháil leat faoi do mhaoin
Fiú má tá measúnú déanta agat nach mbaineann CTF le do mhaoin, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim iarraidh ort fós:
- stádas do mhaoine a dheimhniú
- agus
- tuairisceán CTF a thíolacadh do do mhaoin, má iarrtar.
Chun stádas na maoine a dheimhniú, féadfaidh sé go n-iarrfaí ort fianaise a chur ar fáil go raibh do mhaoin, le linn na tréimhse inmhuirir:
- áitithe
- díolta
- nó
- go raibh an mhaoin faoi réir tionóntachta cháilitheach.
Chun tuairisceán CTF a thíolacadh le haghaidh do mhaoine, féadtar úsáid a bhaint as:
- moChúrsaí
- Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)
- nó
- an tseirbhís CMÁ ar líne.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar do thuairisceán a thíolacadh, féach Céim 5.
Ar aghaidh: Céim 1: Seiceáil an maoin chónaithe le haghaidh CMÁ í do mhaoin