Céard is gá a dhéanamh

Céim 4: Déan seiceáil an bhfuil tú incháilithe le haghaidh díolúine

Is é an chéad chéim eile ná a sheiceáil an bhfuil do mhaoin díolmhaithe ón muirear Cánach ar Thithe Folmha (CTF) don tréimhse inmhuirir. Chun tuilleadh eolais a fháil ar na coinníollacha cáilitheacha sonracha le haghaidh gach díolúine, féach díolúintí CTF.

Má cháilíonn do mhaoin le haghaidh díolúine ó CTF don tréimhse inmhuirir seo, is gá duit an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • an díolúine a éileamh mar chuid de do thuairisceán CTF
  • agus
  • taifead a choinneáil d'aon doiciméad tacaíochta a theastaíonn chun do theidlíocht ar an díolúine ábhartha a fhíorú. Le haghaidh tuilleadh eolais ar na taifid ar chóir duit a choinneáil, féach oibleagáidí maidir le taifid a choinneáil.

Ba chóir duit leanúint ar aghaidh go dtí Céim 5 is cuma má cháilíonn do mhaoin le haghaidh díolúine CTF nó nach gcáilíonn.

Tabhair do d’aire

Má tá tú incháilithe le haghaidh díolúine CTF, ní mór duit é a éileamh ar do thuairisceán CTF le haghaidh gach tréimhse inmhuirir.

Ar aghaidh: Céim 5: Tíolaic do Thuairisceán CTF