Céard is gá a dhéanamh

Céim 3: Déan seiceáil cén fhad a raibh do mhaoin in úsáid

Má bhí do mhaoin in úsáid mar áit chónaithe ar feadh níos lú ná 30 lá idir an 1 Samhain 2022 agus an 31 Deireadh Fómhair 2023, féadfaidh sé go mbeidh feidhm ag an gCáin ar Thithe Folmha (CTF). Ba chóir duit leanúint ar aghaidh go dtí Céim 4.

Níl tú faoi dhliteanas CTF má bhí do mhaoin in úsáid mar áit chónaithe ar feadh níos mó ná 30 lá sa tréimhse inmhuirir. Níl ort Tuairisceán CTF a thíolacadh, íocaíocht CTF a dhéanamh ná na céimeanna seo a leanas a leanúint don tréimhse inmhuirir seo.

Is gá duit an méid seo a leanas a dhéanamh, áfach:

  • taifead a choinneáil ar úsáid do mhaoine cónaithe sa tréimhse inmhuirir. Le haghaidh tuilleadh eolais ar na taifid ar chóir duit a choinneáil, féach oibleagáidí maidir le taifid a choinneáil.
  • agus
  • athbhreithniú a dhéanamh ar d’oibleagáidí CTF don chéad tréimhse inmhuirir eile ón 1 Samhain 2023 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2024.

Ar aghaidh: Céim 4: Déan seiceáil an bhfuil tú incháilithe le haghaidh díolúine