Céard is gá a dhéanamh

Céim 2: Déan seiceáil an bhfuil feidhm ag CTF ar do mhaoin

Fiú má bhí do mhaoin in úsáid mar áit chónaithe ar feadh níos lú ná 30 lá, ní fheidhmeofaí an Cháin ar Thithe Folmha (CTF) chomh fada is gur bhain an méid seo a leanas leis an maoin:

  • díoladh í sa tréimhse inmhuirir
  • go raibh an mhaoin faoi réir tionóntacht cháilitheach
  • bhí an mhaoin díolmhaithe ó CMÁ le haghaidh 2023.

Níl tú faoi dhliteanas CTF má bhaineann aon cheann de na trí eisiamh thuas le do mhaoin don tréimhse inmhuirir reatha. Níl ort Tuairisceán CTF a thíolacadh, íocaíocht CTF a dhéanamh ná na céimeanna seo a leanas a leanúint don tréimhse inmhuirir seo.

Is gá duit an méid seo a leanas a dhéanamh, áfach:

  • taifead a choinneáil ar úsáid do mhaoine cónaithe sa tréimhse ón 1 Samhain 2022 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2023. Le haghaidh tuilleadh eolais ar na taifid ar chóir duit a choinneáil, féach oibleagáidí maidir le taifid a choinneáil.
  • agus
  • athbhreithniú a dhéanamh ar d’oibleagáidí CTF don chéad tréimhse inmhuirir eile ón 1 Samhain 2023 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2024.

Mura mbaineann aon cheann de na trí eisiamh thuas le do mhaoin don tréimhse inmhuirir reatha, ba chóir duit leanúint ar aghaidh go dtí Céim 3.

Ar aghaidh: Céim 3: Déan seiceáil cén fhad a raibh do mhaoin in úsáid