Oibleagáidí maidir le taifid a choinneáil agus an reachtaíocht

Oibleagáidí maidir le taifid a choinneáil

Ní mór do dhuine inmhuirir taifid a choinneáil lena chinntiú go bhfuil a dtuairisceáin Cánach ar Thithe Folmha (CTF) ceart.

D'fhéadfadh doiciméid a bhaineann leis na nithe seo a leanas a bheith san áireamh sna taifid, ach gan a bheith teoranta dóibh:

ní mór na taifid a choinneáil go dtí an ceann is déanaí díobh seo a leanas:

  • tréimhse sé bliana dar tosach deireadh na bliana ina gcríochnaíonn an tréimhse inmhuirir
  • dáta críochnaithe aon fhiosrúcháin a rinne na Coimisinéirí Ioncaim.

Fógra chun taifid a sholáthar

Féadfaidh sé go n-iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ort taifid a sholáthar a léiríonn gur úsáideadh do mhaoin mar áit chónaithe ar feadh 30 lá nó níos mó i dtréimhse inmhuirir.

D'fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith san áireamh, sna taifid a d'fhéadfadh a bheith ort a chur ar fáil, ach níl siad teoranta dóibh:

  • billí leictreachais
  • billí gáis
  • billí bailithe dramhaíola
  • fianaise ar aon ligean gearrthéarmach
  • dearbhú reachtúil ón duine inmhuirir.

Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a mheas go bhfuil an mhaoin folamh i gcúinsí nuair:

  • nár chuir tú aon taifid ar fáil
  • nach leor na taifid a chuireann tú ar fáil.

Sa chás go measann na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil maoin folamh, tiocfaidh muirear CTF i ndáil leis an maoin sin chun cinn.

Reachtaíocht

Tá an reachtaíocht lena bhforáiltear do CTF le fáil i gCuid 22B den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997. Tugadh an reachtaíocht seo isteach san Acht Airgeadais, 2022.