An chaoi a bhfuil feidhm ag an gCáin ar Thithe Folmha (CCF)

  1. Léargas ginearálta
  2. Cén uair a bhfuil feidhm ag CTF ar mhaoin
  3. Cé hé-hí an duine inmhuirir
  4. Ráta an CTF

Cén uair a bhfuil feidhm ag CTF ar mhaoin

Tá feidhm ag an gCáin ar Thithe Folmha (CTF) do thréimhse inmhuirir ina bhfuil maoin:

  • ina maoin chónaithe chun críocha na Cánach Maoine Áitiúil (CMÁ)
  • agus
  • go raibh sí in úsáid mar áit chónaithe ar feadh níos lú ná 30 lá ar a laghad sa tréimhse inmhuirir 12 mhí.

Tabhair do d’aire

Is í an tréimhse inmhuirir an tréimhse 12 mhí idir an 1 Samhain agus an 31 Deireadh Fómhair an bhliain ina dhiaidh. Is í an chéad tréimhse inmhuirir ná an 1 Samhain 2022 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2023.

Ní bheidh feidhm ag CTF sa chás, sa tréimhse inmhuirir, go raibh an mhaoin:

  • díolta
  • faoi réir tionóntacht cháilitheach
  • díolmhaithe ó CMÁ don bhliain ina gcríochnaíonn an tréimhse inmhuirir.

Mura mbaineann CTF le do mhaoin don tréimhse inmhuirir, ní gá duit tuairisceán CTF a thíolacadh ná íocaíocht CTF a dhéanamh.

Mar sin féin, ba chóir duit:

  • taifead a choinneáil ar úsáid do mhaoine cónaithe sa tréimhse inmhuirir sin. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na taifid ba chóir duit a choinneáil, féach oibleagáidí maidir le taifid a choinneáil
  • agus
  • déan athbhreithniú ar do chuid oibleagáidí maidir le CTF le linn na chéad tréimhse inmhuirir eile.

Maoin díolta sa tréimhse inmhuirir

Níl feidhm ag CTF má thagann athrú ar úinéirí maoine le linn na tréimhse inmhuirir. D'fhéadfadh díol, bronntanas, oidhreacht nó ceannach éigeantach na maoine a bheith i gceist leis seo.

Maoin faoi réir tionóntacht cháilitheach sa tréimhse inmhuirir

Níl feidhm ag CTF má tá maoin ar cíos ar feadh 30 lá ar a laghad sa tréimhse inmhuirir ar an gcoinníoll:

Maoin atá díolmhaithe ó CMÁ don bhliain ina gcríochnaíonn an tréimhse inmhuirir

Níl CTF i bhfeidhm má tá an mhaoin díolmhaithe ó CMÁ don bhliain ina chríochnaíonn an tréimhse inmhuirir.

Díolúintí CTF

Má bhaineann CTF le do mhaoin ar feadh tréimhse inmhuirir, ní mór duit Tuairisceán CTF a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim don tréimhse inmhuirir sin. I gcúinsí áirithe, féadfaidh sé go bhfuil do mhaoin díolmhaithe ón muirear CTF don tréimhse inmhuirir reatha. Ba chóir duit do dhíolúine CTF a éileamh i do Thuairisceán CTF. Chun tuilleadh eolais a fháil ar na coinníollacha cáilitheacha sonracha le haghaidh gach díolúine, féach díolúintí CTF.

Ar aghaidh: Cé hé-hí an duine inmhuirir