An chaoi a bhfuil feidhm ag an gCáin ar Thithe Folmha (CCF)
Léargas ginearálta
Is é cuspóir na Cánach ar Thithe Folmha (CTF) an soláthar maoine cónaithe atá ar fáil le díol nó le ligean ar cíos a mhéadú. Baineann CTF le maoine cónaithe atá in úsáid mar áit chónaithe ar feadh achair níos lú ná 30 lá ar a laghad i dtréimhse inmhuirir 12 mhí.
Tabhair do d’aire
Is ón 1 Samhain go dtí an 31 Deireadh Fómhair an bhliain dár gcionn atá an tréimhse inmhuirir do CTF gach bliain. Tá Tuairisceáin CTF dlite faoin 7 Samhain tar éis dheireadh na tréimhse inmhuirearaithe.
Tréimhsí inmhuirir le haghaidh Cánach ar Thithe Folmha (CTF)
| Tréimhse inmhuirir | Dátaí |
| Tréimhse 1 |
1 Samhain 2022 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2023 |
| Tréimhse 2 |
1 Samhain 2023 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2024 |
| Tréimhse 3 |
1 Samhain 2024 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2025 |
| Tréimhse 4 |
1 Samhain 2025 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2026 |
Is cáin fhéinmheasúnaithe í CTF. Tá sé de fhreagracht ar úinéir na maoine a ndliteanas a mheas agus na gníomhartha is gá a dhéanamh.
Fiú má tá measúnú déanta ag úinéir maoine cheana féin nach mbaineann CTF lena maoin, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fós iarraidh ar aon úinéir maoine:
- stádas a maoine a dheimhniú
- nó
- tuairisceán CTF a thíolacadh dá maoin.
Chun stádas do mhaoine a dheimhniú, is féidir go n-iarrfar ort fianaise a chur ar fáil go raibh do mhaoin, le linn na tréimhse inmhuirir:
- áitithe
- díolta
- nó
- go raibh an mhaoin faoi réir tionóntachta cháilitheach.
Ní mór duit Tuairisceán CTF a thíolacadh má iarrann na Coimisinéirí Ioncaim ort é sin a dhéanamh.
Mínítear ar an gcéad leathanach eile roinnt eisiamh a d'fhéadfadh a chiallódh nach mbeadh feidhm ag an CTF ar do mhaoin. Fiú mura bhfuil na heisiaimh ábhartha duit, féadfaidh sé go bhfuil do mhaoin fós díolmhaithe ó CTF má chomhlíonann sí coinníollacha áirithe. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach díolúintí Cánach ar Thithe Folmha (CTF).
Ar aghaidh: Cén uair a bhfuil feidhm ag CTF ar mhaoin?