Tá cónaí ar Amy i dteach i dTrá Lí a ceannaíodh le hoidhreacht ó eastát a máthar nach maireann. Sular bhog sí go Trá Lí, bhí Amy ina húinéir agus ina cónaí in árasán aon seomra leapa i Luimneach. Tá an t-árasán seo folamh ó bhog Amy go Trá Lí. Tá sé i gceist ag Amy an t-árasán a choinneáil dá leanaí le húsáid nuair atá siad sean go leor le freastal ar an gcoláiste. Tá cinneadh déanta aici gan an t-árasán a fháil ar cíos.
Bhí luach €325,000 ar árasán Amy ar an 1 Samhain 2025. Cinneann an luacháil seo a muirear CMÁ do na blianta 2026 go 2030. Is é bunráta CMÁ Amy ná €333 do na blianta seo. Tá an FCA curtha i bhfeidhm ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, rud a mhéadaíonn a dliteanas CMÁ 15% go €382. Níl an coigeartú seo ábhartha do CTF.
Don cheathrú tréimhse inmhuirir, beidh dliteanas CTF Amy seacht n-oiread an bhunráta CMÁ de €333. Ciallaíonn sé seo gurb é €2,331 (€333 x 7) a dliteanas i leith CTF.