An chaoi a bhfuil feidhm ag an gCáin ar Thithe Folmha (CCF)

Cé an duine inmhuirir?

Tugtar an duine inmhuirir ar an duine a bhfuil dualgas orthu Tuairisceán Cánach ar Thithe Folmha (CTF) a thíolacadh agus CTF a íoc ar feadh tréimhse inmhuirir.

Is é an duine inmhuirir le haghaidh CTF an duine dliteanach chun críocha na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ). Go ginearálta, is é an duine inmhuirir úinéir na maoine.

Comhúinéirí

Mar aon le CMÁ, ní mór do chomhúinéirí duine de na húinéirí a ainmniú mar an duine inmhuirir ainmnithe.

Duine inmhuirir ainmnithe is ea an duine atá freagrach as Tuairisceáin CTF a thíolacadh agus íocaíochtaí a dhéanamh thar ceann:

  • gach úinéir, sa chás gur le níos mó ná duine amháin maoin chónaithe folamh
  • cuideachtaí nó eintitis eile ar leo maoine chónaithe.

Seolfaidh na Coimisinéirí Ioncaim gach comhfhreagras CTF don mhaoin don duine dliteanach ainmnithe.

Mura n-íoctar an muirear CTF, féadann na Coimisinéirí Ioncaim an CTF dlite a bhailiú ó aon cheann de na comhúinéirí.

Maoine faoi úinéireacht Údaráis Áitiúla agus Comhlachtaí Tithíochta Ceadaithe

Baineann CTF le maoine atá faoi úinéireacht Údaráis Áitiúla agus Comhlachtaí Tithíochta Ceadaithe.

Ar aghaidh: Ráta na Cánach ar Thithe Folmha (CTF)