Céard is gá a dhéanamh

Céim 6: Deimhnigh do chineál íocaíochta

Braitheann an ráta CTF a íocann tú ar bhunráta an Mhuirir CMÁ le haghaidh do mhaoin.

Féadann d’Údarás Áitiúil do bhunráta CMÁ a mhéadú nó a laghdú. Tugtar an Fachtóir Coigeartaithe Áitiúil (FCA) air seo. Ríomhtar do CTF ar an mbunráta CMÁ sula ndéantar aon choigeartú chun an CFA a chur san áireamh.

Cáin ar Thithe Folmha - Rátaí

Tréimhse inmhuirir

Dátaí

Ráta CTF

1

1 Samhain 2022 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2023

3 oiread an bhunráta CMÁ do 2023

2

1 Samhain 2023 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2024

5 oiread an bhunráta CMÁ do 2024

3

1 Samhain 2024 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2025

7 oiread an bhunráta CMÁ do 2025

4

1 Samhain 2025 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2026

7 oiread an bhunráta CMÁ do 2026

Nuair a thíolacann tú do Thuairisceán CTF, iarrfar ort do chineál íocaíochta a dheimhniú. Féadfaidh tú cibé acu seo a leanas a roghnú:

  • d’íocaíochtaí a roinnt thar an bhliain dár gcionn trí dhochar díreach
  • íoc go hiomlán trí Threoir Dochair Bhliantúil (TDB)
  • Íoc Anois' ina iomláine le cárta creidmheasa nó cárta dochair.

Má roghnaíonn tú íoc le TDB, ní mór duit é seo a chur in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim faoin 1 Eanáir tar éis dheireadh na tréimhse inmhuirir. Mar sin féin, ní thógfar an íocaíocht go dtí an 20 Márta.

Má roghnaíonn tú íoc trí dhochar díreach míosúil, ní mór duit treoir a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim faoin 1 Eanáir tar éis dheireadh na tréimhse inmhuirir. Bainfear d’íocaíocht CTF gach mí ón gcuntas a sholáthraíonn tú, ón 15 Eanáir go dtí an 15 Nollaig.

Dátaí dlite do gach tréimhse inmhuirir

Dátaí dlite CTF do gach tréimhse inmhuirir

 Tréimhse Inmhuirir

 Dáta Tosaigh

Dáta Deiridh 

 Tuairisceán CTF Dlite

Dáta Dlite Íocaíochta CTF

1

1 Samhain 2022

31 Deireadh Fómhair 2023

7 Samhain 2023

 1 Eanáir 2024 mura bhfuiltear ag íoc le Dochar Díreach nó trí Dhochar Bliantúil. 

2

1 Samhain 2023

31 Deireadh Fómhair 2024

07 Samhain 2024

1 Eanáir 2025 mura bhfuiltear ag íoc le Dochar Díreach nó trí Dhochar Bliantúil.

3

1 Samhain 2024

31 Deireadh Fómhair 2025

07 Samhain 2025

1 Eanáir 2026 mura bhfuiltear ag íoc le Dochar Díreach nó trí Dhochar Bliantúil.

4

1 Samhain 2025

31 Deireadh Fómhair 2026

7 Samhain 2026

1 Eanáir 2027 mura bhfuiltear ag íoc le Dochar Díreach nó trí Dhochar Bliantúil.