Cáin Iarchoimeádta ar Sheirbhísí Gairmiúla (CISG)

CISG do dhaoine cuntasacha

I gcoitinne is iad comhlachtaí stáit agus leathstáit a dhéanann asbhaintí CISG. Tugtar daoine cuntasacha orthu agus áirítear ina measc:

  • ranna Rialtais
  • údaráis áitiúla
  • Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
  • árachóirí údaraithe sláinte
  • comhlachtaí leathstáit tráchtála agus neamhthráchtála
  • aon fhochuideachta dá bhfuil thuas nó comhlacht a mhaoinítear ag ceann dá bhfuil thuas.

Fógraí Íocaíochta

Tar éis don duine cuntasach íocaíocht ar sheirbhísí gairmiúla a dhéanamh a thagann taobh istigh de scóp an CISG, déanfaidh an duine cuntasach an méid seo a leanas:

  • Fógra Íocaíochta a thíolacadh ar an gcóras rCISG ar Sheirbhís ar Líne na Coimisinéirí Ioncaim (ROS)
  • 20% a bhaint ón íocaíocht don duine sonraithe
  • an 20% sin a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim ar bhonn míosúil mar chuid den tuairisceáin F30 a thíolacadh.

Féadann daoine cuntasacha Fógraí Íocaíochta aonair a chur isteach, Fógraí Íocaíochta a uaslódáil i mbaisceanna, nó Fógraí Íocaíochta a dtíolactar cheana a chuardach. Faoin áis cuardaigh Fógraí Íocaíochta, féadfaidh siad tuarascálacha ar Fógraí Íocaíochta a rinneadh thar thréimhse roghnaithe.

Agus Fógraí Íocaíochta á tíolacadh, iarrfar ar dhaoine cuntasacha Uimhir Cláraithe Cánach (UCC) an duine shonraithe a úsáid. Is í seo an uimhir chlárúcháin Cánach Ioncam nó Cánach Chorparáide, agus glactar leis an uimhir Cánach Breisluacha i roinnt cásanna eisceachtúla. Ní mór sonraí breise a chur isteach nuair a bhíonn an duine sonraithe neamhchónaitheach. 

Fógraí Íocaíochta i mBaisceanna

Féadtar uaslódáil na bhFógraí Íocaíochta i mbaisceanna a dhéanamh trí chomhad CSV de na Fógraí Íocaíochta a uaslódáil.

Fógraí Íocaíochta a chuardach

Tá áiseanna cuardaigh agus tuairiscithe ar fáil do dhaoine cuntasacha in ROS. Féadann daoine cuntasacha an CISG a asbhaineadh do gach Fógra Íocaíochta a dtíolactar i dtréimhse a ríomh chomh maith trí úsáid a bhaint as an bhfeidhmiúlacht cuardaigh nua.

Fógraí Íocaíochta a Leasú

Féadann duine cuntasach Fógra Íocaíochta a leasú nó a scriosadh go dtí go dtíolactar an F35 don tréimhse. Nuair a roghnaítear Fógra Íocaíochta taobh istigh den fheidhmiúlacht cuardaigh, féadann daoine cuntasacha roinnt réimsí/gach réimse an Fógra Íocaíochta a leasú, faoi réir srianta áirithe. Féadann duine cuntasach Fógra Íocaíochta atá ann cheana a scriosadh nó Fógra Íocaíochta nua a chur leis ar feadh tréimhse F30 roimhe seo, faoi réir srianta.

Admhálacha a ghiniúint (PDF de Fógra Íocaíochta)

Tá rogha ar fáil chomh maith 'Admháil Fógra Íocaíochta' i PDF a ghiniúint le haghaidh:

  • gach Fógra Íocaíochta a thíolactar
  • gach grúpa de Fógraí Íocaíochtaí a thíolactar.

Féadann duine cuntasach admháil PDF an Fhógra Íocaíochta a thabhairt do Dhuine Sonraithe mar thaifead ar an gcáin asbhainte.

Tuairisceán bliantúil F35

Ní mór go gach duine cuntasach tuairisceán bliantúil F35 a thíolacadh. Maidir leis an tuairisceán atá dlite in 2022 agus blianta ina dhiaidh, ní theastóidh sceideal íocaíochta a dhéantar le gach duine sonraithe a thuilleadh.

Tá tuairisceán F35 breise ag teastáil ó dhaoine cuntasacha don tréimhse 1 Eanáir 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2021. Ní mór é seo a thíolacadh faoin 23 Lúnasa 2021. Ní mór go n-áireofaí leis an F35 seo an sceideal íocaíochtaí don tréimhse in 2021 nuair a bhí foirmeacha F45 fós in úsáid.

Eolas ar Fhógraí Íocaíochta

Tá comhaid Fógraí Íocaíochta ar fáil le híoslódáil thíos.

Ar aghaidh: Eolas do sholáthraithe seirbhísí gairmiúla