Cáin Iarchoimeádta ar Sheirbhísí Gairmiúla (CISG)

Eolas do sholáthraithe seirbhísí gairmiúla

Má tá seirbhís ghairmiúil á soláthar agat do chomhlacht stáit nó leathstáit, déanfar CISG a shiarchoinneáil ó do tháille. Nuair a dhéanann duine cuntasach íocaíocht leat ina gcoinnítear CISG siar, déanfaidh siad Fógra Íocaíochta a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim. Féadtar an cháin a siarchoinníodh a éileamh mar chreidmheas i gcoinne do Tuairisceán Cánach Ioncaim (CI) (Foirm 11) nó do Chánach Corparáide (CC) sa bhliain chánach sin. Ní mór duit méid comhlán na cánach a siarchoinníodh a chur san áireamh i do thuairisceán cánach Foirm 11 nó Foirm CT1.

Fógraí Íocaíochta

Deimhneoidh an Fógra Íocaíochta a thíolacann an duine cuntasach iomlán na híocaíochta agus méid an CISG a asbhaineadh.

Leis an bhFógra Íocaíochta a chomhlánú, teastóidh an méid seo a leanas ón duine cuntasach:

  • d'Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) má tá tú cláraithe mar dhuine aonair
  • d’Uimhir Tagartha Cánach, más cuideachta cláraithe thú
  • d’uimhir chánach do chomhpháirtíochta, más cuideachta comhpháirtíochta thú.

Má bhíonn Cain Bhreisluacha (CBL) san áireamh san íocaíocht a dhéanann siad leat, ní mór duit freisin d’uimhir CBL a sholáthar má tá sé difriúil ó na huimhreacha thuas.

Má tú neamhchónaitheach, ní mór duit an Uimhir Tagartha Cánach a bhaineann le do thír chónaitheachta a sholáthar.  Ní mór duit do shonraí teagmhála a chur ar fáil chomh maith.

Fógraí Íocaíochta a chuardach

Tá áiseanna cuardaigh agus tuairiscithe ar fáil do dhaoine sonraithe, agus féadann siad teacht air ón nasc ‘CISG a iarchoimeádadh uait” ar an leathanach CISG ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)

Féadann daoine sonraithe na sonraí Fógra Íocaíochta a fheiceáil ach ní fhéadann siad leasuithe a dhéanamh. Féadtar cuardach a dhéanamh bunaithe ar chritéir chuardaigh, lena n-áirítear tréimhse shonraithe, duine cuntasach ainmnithe (ainm amháin), nó gach duine cuntasach.

Féadann Daoine Sonraithe doiciméad PDF “Admháil Fógra Íocaíochta” a phléitear thuas a chur ar fáil, agus féadann siad na torthaí cuardaigh a easpórtáil go CSV.

Ar aghaidh: Creidmheas don CISG a asbhaineadh