Cáin Iarchoimeádta ar Sheirbhísí Gairmiúla (CISG)

Céard is seirbhísí gairmiúla ann?

I measc na seirbhísí gairmiúla a fheidhmítear CISG orthu, tá:

  • seirbhísí liachta, déidliachta, cógaisíochta, radharceolaíochta, éisteolaíochta nó tréidliachta
  • seirbhísí ailtireachta, innealtóireachta, suirbhéireachta cainníochta nó suirbhéireacht nádúir, agus seirbhísí bainteacha
  • seirbhísí cuntasaíochta, iniúchóireachta nó airgeadais
  • seirbhísí airgeadais, eacnamaíochta, margaíochta nó fógraíochta
  • seirbhísí dlí
  • seirbhísí geolaíochta.

An chaoi a gcaitear le costais

Má fheidhmítear CISG ar íocaíocht, beidh feidhm aige ar chostais a éilíonn an soláthraí seirbhíse agus a íocann an duine cuntasach. Is mar seo atá sé, bíodh sé go n-íoctar ar leithligh, nó má thíolactar sonrasc dóibh ar leithligh.

Samplaí de chostais is ea:

  • costais taistil, cothabhála, postais agus priontála
  • íocaíochtaí le tríú páirtithe i mbun gnímh ag an soláthraí seirbhíse chun an tseirbhís a sholáthar.

Bonn úis ar íocaíocht dhéanach

Is téarma intuigthe a bhaineann le gach conradh seirbhíse é go ngearrtar ús mura n-íoctar fiachais in am. Má íoctar ús ar íocaíocht as seirbhísí gairmiúla, ba chóir CISG a asbhaint ón ús freisin.

Ar aghaidh: Íocaíochtaí eisiata ón CISG