Seirbhísí fruilithe
Gléasra agus innealra a fhruiliú nó a ligean ar léas
Is inmhuirir i leith Cáin Bhreisluacha ag an ráta caighdeánach CBL atá sé aon innealra a fhruiliú gan oibreoir.
Is inmhuirir i leith Cáin Bhreisluacha ag an ráta laghdaithe CBL atá sé, áfach, aon innealra a sholáthar in éineacht le hoibreoir:
- tochaltóirí agus tochail-tarracóirí
- gearrthóirí díge in éineacht le feisteas lódaire
- ollscartairí
- grádóirí
- scríobáin
- rollóirí bóthair
- rollóirí creathacha
- rollóirí creathacha láimhe
- meaisíní curtha macadam agus meaisíní leata
- bearrthóirí ciumhaise
- gearrthóirí fáil
- aonaid diúscartha sloda
- pumpaí sloda, tancaeirí
- tochaltóirí le bristeoir carraigeacha
- casúir kango
- dlúthóirí
- meaisíní spraeála tarra.
Is inmhuirir i leith Cáin Bhreisluacha ag an ráta caighdeánach CBL atá sé aon míreanna eile gléasra nó innealra a sholáthar in éineacht le hoibreoir.