Clárúchán CBL dhá leibhéal
Féadtar iarratas a dhéanamh ar chlárú le haghaidh Cáin Bhreisluacha (CBL) faoi chlárúchán CBL intíre amháin nó faoi chlárúchán CBL laistigh den Aontas Eorpach (AE).
Clárúchán CBL intíre
Mura bhfuil sé i gceist agat trádáil le gnóthaí eile in áiteanna eile san AE, ba chóir duit iarratas a dhéanamh ar stádas intíre amháin. Is leor clárúchán CBL Intíre chun trádáil taobh istigh den Stát agus le tíortha nach tíortha AE iad. Féadfaidh custaiméirí a bhfuil stádas intíre amháin acu iarratas a dhéanamh ar stádas in-Eorpach tráth ar bith.
Tá mioneolas ar an bpróiseas nua clárúcháin CBL dhá leibhéal ar fáil faoi Treoir bhreise.
Clárúchán CBL laistigh den AE
Má tá sé i gceist agat trádáil le gnóthaí eile in áiteanna eile san Aontas Eorpach (AE), ba chóir duit iarratas a dhéanamh ar stádas laistigh den AE. Cabhróidh sé seo lena chinntiú gur féidir leat éadálacha laistigh den Chomhphobal a dhéanamh. Beidh ort eolas breise a chur ar fáil ar d'fhoirm iarratais ar chlárúchán CBL. Mar shampla:
- An cineál custaiméara (daoine príobháideacha, gnó nó an dá rud).
- Na bearta díchill chuí agus na seiceálacha a dhéantar i leith soláthraithe reatha nó ionchasacha san AE.
- Cén chaoi a soláthraítear earraí taobh amuigh den Stát.
- Meastachán ar do sholáthar bliantúil agus ráithiúil d’earraí nó de sheirbhísí.
- Ní mór fianaise ar thrádáil, nó fainaise substainteach ar rún trádáil a dhéanamh, le Ballstáit eile an AE, a chur ar aghaidh in éineacht leis an bhfoirm iarratais chun tacú le hiarratas ar chlárúcháin CBL laistigh den AE. Mar shampla, sonraisc, conarthaí, léasanna, pleananna gnó mionsonraithe nó aon doiciméid tacaíochta eile den chineál sin.
Má cheadaítear do chlárúchán, clárófar thú go huathoibríoch ar Chóras Malartaithe Faisnéise CBL (VIES) an AE.