Iompórtálacha

Cuntasaíocht iarchurtha

Tá cuntasaíocht iarchurtha ar fáil i leith Cáin Bhreisluacha (CBL) ar iompórtálacha do gach trádálaí atá cláraithe le haghaidh CBL agus Custaim agus Mál. Féadfar socraíochtaí cuntasaíochta iarchurtha a chur i bhfeidhm ar gach iompórtáil ó thríú tíortha, lena n-áirítear an Bhreatain Mhór (seachas Tuaisceart Éireann), ach níl sé éigeantach. 

Cuireann cuntasaíocht iarchurtha ar chumas trádálaithe atá cláraithe le haghaidh CBL cuntas a thabhairt i leith an CBL dlite ar iompórtálacha ar a dTuairisceán VAT3. Féadtar CBL iompórtála a aiséileamh ag an tráth céanna is a dhearbhaítear é, faoi réir na ngnáthrialacha maidir le hin-asbhainteacht. Cuireann sé seo deireadh leis an ngá atá le híoc ag pointe na hiompórtála mar go mbeidh sé ina idirbheart cuntasaíochta isteach nó amach comhuaineach.

Beidh ar thrádálaithe coinníollacha áirithe a chomhlíonadh chun leas a bhaint as cuntasaíocht iarchurtha. Ní mór dóibh a bheith in ann a léiriú go bhfuil siad comhlíontach, nuair a iarrann na Coimisinéirí Ioncaim é.

Tá tuilleadh eolais ar chuntasaíocht iarchurtha ar fáil faoi Treoir Bhreise.