Iompórtálacha

Cén uair nach mbíonn CBL iníoctha ar iompórtáil?

Níl Cáin Bhreisluacha (CBL) iompórtála iníoctha ar earraí a iompórtálann trádálaí atá cláraithe le haghaidh CBL:

  • atá bunaithe in aerfort saor ó Chustaim
  • a bhfuil údarú saor ó CBL acu
  • a chuireann na hearraí faoi réir aon cheann de na socraíochtaí seo a leanas:

Féadfaidh faoiseamh ó CBL Iompórtála a bheith ar fáil nuair a chomhlíonann tréithe na n-earraí, nó cúinsí a n-iompórtála, na critéir le haghaidh faoisimh áirithe.

CBL ar tháirgí alcóil iompórtáilte

Níl CBL iníoctha tráth na hiompórtála i leith táirgí alcóil iompórtáilte a chuirtear faoi réir córas Dleachta Máil ar fionraí. mMar shampla, trádstóras máil.

Scéim nialas-rátála do dhaoine áirithe

Féadfaidh trádálaí a dtagann 75% dá láimhdeachas bliantúil ó earraí nó ó easpórtálacha a sholáthraítear laistigh den Chomhphobal ag ráta nialasach, iarratas a dhéanamh ar údarú saor ó CBL. Ligean sé sin don thrádálaí earraí a iompórtáil ag an ráta nialasach CBL.

Earraí ar bhealach chuig Ballstát eile AE a iompórtáil saor ó CBL

Féadfaidh trádálaí atá cláraithe le haghaidh CBL earraí, atá beartaithe le soláthair ar aghaidh, ó áit lasmuigh den Aontas Eorpach (AE) a iompórtáil isteach go hÉirinn ag an ráta nialasach. Ní mór go bhfuil na hearraí soláthartha nó aistrithe ansin chuig custaiméir atá cláraithe le haghaidh CBL i mBallstát eile.

Tugtar ‘Faoiseamh ar Sholáthar ar Aghaidh’ nó ‘Nós Imeachta 42’ ar an scéim seo. Tá sonraí uile na scéime agus na coinníollacha infheidhme ar fáil sa treoirleabhar Custam ar CBL iompórtála

Ar aghaidh: Earraí incháinithe a imréiteach trí Chustaim