Iompórtálacha

Aerfort saor ó chustaim

Meastar gur daoine incháinithe iad trádálaithe a oibríonn laistigh den aerfort saor ó Chustaim. Ní mór do na trádálaithe seo clárú agus cuntas a thabhairt i leith Cánach Breisluacha ar an ngnáthbhealach.

Tá sé de theideal ag na trádálaithe seo earraí a sholáthar dóibh laistigh den aerfort saor ó Chustaim ag an ráta nialasach má:

  • luann siad a n-uimhir chlárúcháin
  • agus
  • dhearbhaíonn siad go bhfuil siad ag trádáil laistigh den aerfort saor ó Chustaim

Trádálaithe atá cláraithe le haghaidh CBL agus a thugann earraí isteach san aerfort saor ó Chustaim ó áit taobh amuigh den Stát, tá siad incháilithe le haghaidh rátú nialasach ar na hearraí seo.

Trádálaithe atá cláraithe le haghaidh CBL agus atá i mbun trádála taobh istigh den aerfort saor ó Chustaim, agus a fhaigheann earraí ó thrádálaí atá cláraithe le haghaidh CBL taobh amuigh den aerfort, tá siad incháilithe le haghaidh an ráta nialasaigh. Cruthúnas ar sheachadadh de dhíth.

Aon soláthairtí earraí idir trádálaithe atá cláraithe le haghaidh CBL agus atá i mbun trádála taobh istigh den chrios saor ó Chustaim san aerfort, beidh siad incháilithe le haghaidh an ráta nialasaigh.

Trádálaithe atá cláraithe le haghaidh CBL san aerfort saor ó Chustaim ach a sholáthraíonn earraí incháinithe taobh amuigh den aerfort saor ó Chustaim, beidh siad faoi dhliteanas CBL, seachas easpórtálacha. Trádálaithe atá cláraithe le haghaidh CBL taobh istigh den aerfort saor ó Chustaim, beidh siad faoi dhliteanas cuntas a thabhairt i leith CBL ar earraí neamh-inasbhainte a fhaightear saor ó CBL. 

Go ginearálta, níl CBL ar earraí áirithe amhail carranna agus peitreal, inasbhainte. Tá aon trádálaithe taobh istigh den aerfort saor ó Chustaim faoi dhliteanas cuntas a thabhairt i leith CBL ar na hearraí seo a fhaightear saor ó CBL.

Earraí a thugtar isteach go cuid eile den Stát ón aerfort saor ó chustaim, ní bheidh siad faoi dhliteanas CBL. Is amhlaidh atá más rud é gur gearradh cáin orthu cheana. Beidh cáin gearrtha cheana ar earraí má tá siad soláthartha ag trádálaí atá cláraithe le haghaidh CBL agus atá i mbun trádála san aerfort saor ó Chustaim, Is amhlaidh atá más rud é gur soláthraíodh earraí chuig duine ar bith seachas trádálaí eile atá cláraithe le haghaidh CBL agus atá i mbun trádála sa chrios sin.

Ar aghaidh: Cuntasaíocht iarchurtha