ViDA agus nua-aoisiú CBL

Athruithe do na hardáin ar líne

Ó mhí Iúil 2028 ar aghaidh, déileálfar le hardáin ar líne mar an soláthraí seirbhíse iarbhír chun críocha Cánach Breisluacha (CBL) má éascaíonn siad soláthar maidir le:

  • cóiríocht ghearrthéarmach
  • seirbhísí iompair paisinéirí de bhóthar.

Ciallaíonn sé seo go mbeidh an t-ardán, mar "sholáthraí measta", freagrach as CBL a ghearradh agus thuairisciú ar na soláthairtí seo. Má tá uimhir CBL ag an soláthraí seirbhíse agus má sholáthraítear an uimhir don ardán, tá an soláthraí seirbhíse freagrach as CBL. I measc na soláthraithe seirbhíse tá óstóirí agus tiománaithe.

Braitheann an oibleagáid seo ar na rialacha CBL atá i bhfeidhm i dtír an Aontais Eorpaigh (AE) ina gcuirtear an tseirbhís ar fáil. Mar shampla, tá iompar paisinéirí in Éirinn díolmhaithe ó CBL.

Beidh an rogha ag na Ballstáit cur chun feidhme na n-athruithe seo a chur siar go dtí Eanáir 2030. Beidh an rogha acu freisin gnólachtaí beaga atá incháilithe don scéim speisialta d'fhiontair bheaga (scéim FBManna) a eisiamh ó na forálacha soláthróra measta. Tá Éire ag breithniú a seasamh ar na saincheisteanna seo faoi láthair. 

Ar aghaidh: Athruithe maidir le ríomhsonrascadh agus tuairisciú digiteach