ViDA agus nua-aoisiú CBL
Amlíne cur chun feidhme ViDA
Déanfar cur i bhfeidhm na Cánach Breisluacha (CBL) sa Ré Dhigiteach (ViDA) i gcéimeanna, le príomhdhátaí socraithe do pháirteanna éagsúla.
Aibreán 2025
Beidh an rogha ag Ballstáit an Aontais Eorpaigh (AE) ríomhshonrascadh agus tuairisciú digiteach a thabhairt isteach le haghaidh na nithe seo a leanas:
- Gnó le Gnó (B2B) intíre
- agus
- idirbhearta Gnó le Tomhaltóir (B2C).
Eanáir 2027
Leathnófar an scéim Ionaid Uileghnó CBL (IUG) chun na nithe seo a leanas a chur san áireamh:
- gás
- leictreachas
- téimh
- soláthairtí fuaraithe.
Iúil 2028
Athruithe ar gheilleagar na n-ardán agus nuashonruithe i leith clárúchán CBL aonair, lena n-áirítear:
- síneadh breise a chur leis an scéim IUG
- agus
- an mheicníocht frithmhuirir éigeantach a chur chun feidhme.
Iúil 2030
Tabharfar isteach ceanglais maidir le ríomhshonrascadh agus tuairisciú digiteach d'idirbhearta B2B agus idirbhearta Gnó le Rialtas (B2G) laistigh den AE.
Ar aghaidh: Céard is Nua-Aoisiú CBL ann?