ViDA agus nua-aoisiú CBL

Corparáidí móra do Chéim a hAon de nua-aoisiú CBL

Nua-Aoisiú CBL - Céim a hAon

Cuirfidh Éirinn tús le Céim a hAon de ríomhshonrascadh a chur i bhfeidhm ar an 1 Samhain 2028. Le linn na céime seo, beidh ar chorparáidí móra atá cláraithe le haghaidh Cánach Breisluacha (CBL) ríomhshonraisc a eisiúint le haghaidh idirbhearta baile Gnó go Gnó (B2B).

Sainmhíniú

Is sonrasc é ríomhshonrasc a eisítear, a tharchuirtear agus a fhaightear i bhformáid leictreonach struchtúrtha a cheadaíonn próiseáil uathoibríoch. Ní mór don ríomhshonrasc cloí leis an gCaighdeán Eorpach EN 16931 lena mbíonn formáidí neamhstruchtúrtha cosúil le PDF nó páipéar scanta eisiata.

Is é seo an chéad chéim ina bhfuil Éirinn ag ullmhú don aistriú, agus ag oiriúnú do ríomhshonrascadh, roimh spriocdháta éigeantach ViDA an Aontais Eorpaigh (AE).

Cé atá faoi raon feidhme?

Beidh feidhm ag Céim a hAon maidir le gnólachtaí ar na bealaí seo a leanas.

Ríomhshonraisc a sheoladh

Ón 1 Samhain 2028 ar aghaidh, ní mór do chorparáidí móra atá cláraithe le haghaidh CBL in Éirinn:

  • ríomhshonraisc a sheoladh chuig custaiméirí gnó na hÉireann
  • agus
  • fo-thacar de shonraí ábhartha ón ríomhshonrasc a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim.

Ríomhshonraisc a fháil

Ón 1 Samhain 2028 ar aghaidh, beidh ar gach gnólacht in Éirinn a bheith in ann ríomhshonraisc struchtúrtha a fháil.

Cad is 'Corparáid mór' ann maidir le ríomhshonrascadh

Maidir le Céim a hAon, measfar gur corparáid mór é gnó chun críocha ríomhshonrascadh más rud é:

  • gur gnó atá ann atá cláraithe le haghaidh CBL agus a bhfuil a gcúrsaí cánach á mbainistiú ag Rannóg na gCorparáidí Móra sna Coimisinéirí Ioncaim
  • agus
  • atá bunaithe, nó a bhfuil bunaíocht sheasta aige, in Éirinn.

Má chomhlíonann do ghnó na critéir thuasluaite, is gá an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • ríomhshonraisc a eisiúint le haghaidh idirbhearta B2B intíre ó mhí na Samhna 2028
  • agus
  • fo-thacar de shonraí ábhartha ón ríomhshonrasc a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim.

Ag Ullmhú do Chéim a hAon

Má tá do ghnó faoi raon feidhme maidir le ríomhshonraisc a eisiúint i gCéim a hAon, ba chóir duit tosú ag ullmhú trí:

  • athbhreithniú a dhéanamh ar do chórais reatha a bhaineann le sonraisc, cuntasaíocht nó ERP  
  • a chinntiú go bhfuil na sonraí ábhartha go léir agat atá ag teastáil do na gnóthaí i do shlabhra soláthair
  • dul i dteagmháil le do sholáthraí bogearraí chun ullmhúcháin theicniúil a dhearbhú  
  • a chinntiú go dtuigeann d'fhoirne agus rannóga inmheánacha na riachtanais nua
  • agus
  • pleanáil a dhéanamh le haghaidh aon nuashonruithe nó uasghráduithe riachtanacha.

Na chéad chéimeanna eile

Scríobhfaidh na Coimisinéirí Ioncaim chuig corparáidí móra chun iad a chur ar an eolas go bhfuil siad san áireamh i gCéim a hAon.

Leanfaidh muid orainn ag plé le gnóthaí, le grúpaí tionscail agus gairmiúla, le soláthraithe bogearraí agus le príomhpháirtithe leasmhara a bhfuil tionchar ag na hathruithe ViDA agus nua-aoisiú CBL orthu.

Foilseofar treoir, sonraíochtaí teicniúla, agus ábhair tacaíochta sna míonna amach romhainn.

Má tá fiosruithe agat faoi ViDA agus nua-aoisiú CBL, seol ríomhphost chuig vatmodernisation@revenue.ie

Ar aghaidh: Na chéad chéimeanna eile do CBL sa Ré Dhigiteach (ViDA)