ViDA agus nua-aoisiú CBL

Céard is Nua-Aoisiú CBL ann?

Is aistriú céimnitheach é Nua-Aoisiú CBL chuig ríomhshonrascadh (r-shonrascadh) agus tuairisciú digiteach ar shonraí idirbhirt le haghaidh Cánach Breisluacha (CBL). Déanann sé tuairisciú CBL na hÉireann a ailíniú le creat an AE, CBL sa Ré Dhigiteach (ViDA), chomh maith le cleachtas idirnáisiúnta nua-aimseartha, agus léiríonn sé cé mhéad gnóthas a úsáideann córais dhigiteacha cheana féin chun díolacháin, ceannacháin agus íocaíochtaí a bhainistiú. Tá sé mar aidhm ag Nua-Aoisiú CBL cuidiú le gnóthaí an CBL ceart a thuairsciú ag an am ceart, agus ag an am céanna earráidí, obair láimhe agus calaois a laghdú.

Príomhghnéithe de Nua-Aoisiú CBL

Ríomhshonrascadh

Beidh malartú leictreonach de dhoiciméid sonraisc struchtúrtha idir soláthraithe agus ceannaithe ina chleachtas caighdeánach. Tacaíonn sé seo le comhtháthú i leith córais ghnó nua-aimseartha, próiseáil níos tapúla agus laghdú ar earráidí.

Tuairisciú fíor-ama

Tuairisceoidh gnóthaí sonraí idirbhirt CBL de réir mar a tharlaíonn siad, ag daingniú comhlíontachta i ngnáthoibríochtaí laethúla agus ag laghdú obair láimhe.

Cur i bhfeidhm céimnithe

Tabharfar na riachtanais nua isteach de réir a chéile, ag tosú le corparáidí móra atá cláraithe le haghaidh CBL agus ar deireadh ag clúdach gach gnó atá cláraithe le haghaidh CBL. Cinnteoidh an cur chuige seo go mbeidh am ag gnóthaí ullmhú agus aistriú ordúil a dhéanamh chuig ríomhshonrascadh, agus tacófar leis sin trí rannpháirtíocht luath le gnóthaí, comhlachtaí ionadaíochta agus soláthraithe bogearraí.

Maidir le gach céim, ní mór do ghnóthaí a chinntiú gur féidir leo ríomhshonraisc a fháil ó aon soláthraí.

Tuilleadh eolais

D'fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim doiciméad maidir le cur chun feidhme ríomhshonrasctha in Éirinn, a fhéadtar a fháil sa rannán Treoir breise.

Ar aghaidh: Na chéad chéimeanna eile do CBL sa Ré Dhigiteach (ViDA)