ViDA agus nua-aoisiú CBL

Na chéad chéimeanna eile do CBL sa Ré Dhigiteach (ViDA)

Tá na Coimisinéirí Ioncaim ag plé leis an gCoimisiún Eorpach agus le húdaráis chánach i mBallstáit eile an Aontais Eorpaigh (AE) chun cur chuige a fhorbairt i leith na n-athruithe a thug ViDA isteach.

Beidh plé againn le gnóthaí, earnáil na tionsclaíochta agus le grúpaí gairmiúla, chomh maith le príomhpháirtithe leasmhara a ndeachaigh athruithe ViDA agus nua-aoisiú CBL i bhfeidhm orthu. Beidh níos mó rannpháirtíocht phoiblí le déanamh de réir mar a thagann na tograí athchóirithe chun cinn.

Déanfar plé spriocdhírithe agus muid ag fiosrú príomhcheisteanna agus ag breithniú réitigh fhéideartha ar bhealach níos mionsonraithe. Leathnóimid ár rannpháirtíocht le lucht déanta beartas agus le comhlachtaí poiblí ábhartha eile.

Foilseoidh na Coimisinéirí Ioncaim na nuashonruithe agus na hathruithe go léir maidir le tionscnamh ViDA an AE agus Nua-Aoisiú CBL anseo.

Féadtar fiosrúcháin faoi ViDA agus nua-aoisiú CBL a sheoladh chuig vatmodernisation@revenue.ie.