ViDA agus nua-aoisiú CBL
Amlíne um Nua-Aoisiú CBL
Cuirfear Nua-Aoisiú CBL i bhfeidhm ar bhonn céimnithe, rud a thabharfaidh deis do ghnóthaí ullmhú, aistriú a dhéanamh, agus oiriúnú d'ríomhshonrascadh sula mbeidh spriocdháta éigeantach AE ViDA i bhfeidhm.
Maidir le gach céim, ní mór do ghnóthaí a chinntiú gur féidir leo ríomhshonraisc a fháil agus a phróiseáil ó aon soláthraí atá sainordaithe iad a eisiúint.
Céim 1 (Samhain 2028)
Beidh ar chorparáidí móra atá cláraithe le haghaidh Cánach Breisluacha (CBL) ríomhshonrascadh éigeantach agus tuairisciú fíor-ama a chur i bhfeidhm maidir le hidirbhearta gnó-go-gnó (B2B) intíre.
Beidh tionchar ag an gcéim seo ar líon réasúnta beag gnóthaí agus b'fhéidir go mbeidh taithí acu cheana féin ar ríomhshonrascadh idirnáisiúnta agus go mbeidís lán ábalta oiriúnú a dhéanamh do na hathruthe digiteacha.
Céim 2 (Samhain 2029)
Déanfar an oibleagáid intíre a leathnú chuig gnóthaí atá cláraithe le haghaidh CBL a bhíonn páirteach i dtrádáil trasteorann B2B san AE, faoi réir socruithe CBL ráta nialasach.
Tugann sé seo am do na gnóthaí dul i dtaithí ar na socruithe nua ar leibhéal intíre sula dtiocfaidh an córas de bheith éigeantach ar fud an AE (ViDA).
Céim 3 (Iúil 2030)
Beidh cur chun feidhme iomlán de riachtanais ViDA AE i ndáil le gach idirbheart trasteorann B2B san AE éigeantach i ngach Ballstát. Déanfaidh gnóthaí na hÉireann atá ag oibriú faoin gcóras intíre cheana féin aistriú chun na hoibleagáidí AE seo a chomhlíonadh.
Ar aghaidh: Na chéad chéimeanna eile do CBL sa Ré Dhigiteach (ViDA)