Cáin Chláraithe Feithiclí (CCF)

CCF agus clárúchán

Ní mór gach mótarfheithicil sa Stát a chlárú taobh istigh de 30 lá ón dáta iontrála. Ní bhaineann an méid seo a leanas leis:

  • feithiclí áirithe coinnithe ag trádálaithe mótar údaraithe
  • agus
  • feithiclí a cláraíodh go heachtrach a thugtar isteach go sealadach agus iad á dtiomáint ag cuairteoirí chuig an Stát chun críocha neamhghnó.

Féadann duine atá cónaitheach sa Stát feithiclí atá cláraithe go heachtrach i gcúinsí eisceachtúla a thiomáint má bhaineann sé le húsáid gnó.

Gearrtar CCF sa chuid is mó de chásanna nuair a chláraítear feithicil sa Stát.

I gcásanna áirithe, féadtar díolúine iomlán nó páirteach ó CCF a fheidhmiú. Má tá d’áit chónaithe isteach á aistriú agat chuig an Stát, féadfaidh sé go bhfuil tú i dteideal díolúine ó CCF. Tá roinnt coinníollacha ann (féach an lámhleabhar CCF in VRT Manual 02). Ba chóir iad seo a scrúdú go cúramach le feiceáil an bhfuil tú incháilithe.

An riachtanas chun cláraithe

Is cion é feithicil neamhchláraithe a thiomáint sa Stát. Mura gcláraíonn tú d’fheithicil, féadann na Coimisinéirí Ioncaim nó an Garda Síochán í a chur faoi choinneáil. Féadann na Coimisinéirí Ioncaim chomh maith í a ghabháil agus féadtar í a scaoileadh saor ach pionós faoi rogha na gCoimisinéirí Ioncaim a íoc.

Cláraíonn an tSeirbhís Náisiúnta Tástála Carranna feithiclí ar son na gCoimisinéirí Ioncaim. Chun feithicil a chlárú, ní mór:

  • coinne a dhéanamh leis an SNTC taobh istigh de sheacht lá ón uair a thugann tú an fheithicil isteach sa Stát
  • agus
  • an fheithicil a chlárú taobh istigh de 30 lá ó í a thabhairt isteach sa Stát.

Íocfaidh tú CCF breise má loiceann tú an fheithicil a chlárú taobh istigh de 30 lá. Is gnách go dtagann sé seo aníos nuair nach gcuirtear ar fáil fianaise ar an dáta a thugtar an fheithicil isteach sa Stát.

Feithicil nua a chlárú

Ní mór Deimhniú Comhréireachta a chur isteach ar chóras ríomhaireachta na gCoimisinéirí Ioncaim sula bhféadtar feithicil nua a chlárú.

Is éard atá sa Deimhniú Comhréireachta ná eolas a chuireann déantóir ar fáil atá uathúil do gach feithicil a dhéantar. Go bunúsach, is dearbhú é an Deimhniú Comhréireachta ón déantóir go gcloíonn an fheithicil le caighdeáin an AE, sábháilteacht san áireamh.

An tionchar atá aige seo ort

Nuair atá feithiclí nua á gceannach agat sa Stát, déanfaidh an díoltóir an fheithicil a chlárú.

Taobh amuigh de sin, ní mór duit an fheithicil a chlárú tú féin. Ní mór duit an Deimhniú Comhréireachta a fháil, cibé i bhfoirm pháipéir nó leictreonach ón díoltóir. Ní mór duit seiceáil roimh ré go bhfuil Deimhniú Comhréireachta agus na doiciméid éigeantacha eile ag an díoltóir cairr roimh an gceannach.

Ní mór an Deimhniú Comhréireachta a chur isteach le moChúrsaí nó ROS. Má chuirtear an Deimhniú Comhréireachta ar fáil san fhormáid cheart XML, féadtar é a uaslódáil. Ní fhéadann ach an déantóir na Deimhnithe Comhréireachta XML a ghiniúint. Ní fhéadtar comhad PDF nó comhad Word a athrú chuig an bhformáid ceart. Féadtar an CoC a chur isteach de láimh. Cabhróidh an lámhleabhar seo leat: eCoC Procedures Manual.

Ní mór an Deimhniú Comhréireachta a uaslódáil roimh do choinne leis an tSeirbhís Náisiúnta Tástála Carranna.

Feithicil athláimhe a chlárú

Má tá feithicil á ceannach agat ó áit thar lear ní mór na doiciméid i leith an chlárúcháin eachtraigh a fháil ón díoltóir. Ba chóir duit seiceáil roimh ré go bhfuil an Deimhniú Comhréireachta agus na doiciméid éigeantacha eile ag díoltóir an chairr.

Is éard é an V5C ná doiciméad clárúcháin eachtrach de chuid na Ríochta Aontaithe. Tá riachtanais shonracha ag an Ríocht Aontaithe ann maidir le feithiclí a dhíol, féach ar an treoir atá acu ar fheithicil a dhíol in selling a vehicle. Tabhair do d’aire nár chóir ach an rannán ‘permanent export’ den V5C a sheoladh chuig an Driver and Vehicle Licensing Agency (DVLA) nuair a easpórtáiltear an fheithicil ón Ríocht Aontaithe. Tá sé ríthábhachtach go bhfaigheann tú an chuid eile den V5C ón díoltóir mar go dteastaíonn sé chun an fheithicil a chlárú sa Stát.

Tabhair do d’aire

Má loictear an doiciméad clárúcháin eachtrach ábhartha a chur ar fáil ag do choinne leis an SNTC, diúltófar don chlárú.

Ar aghaidh: Eolas ginearálta maidir le clárú