Cáin Chláraithe Feithiclí (CCF)

Eolas ginearálta maidir le clárú

Nuair a cheannaítear feithicil nua, déanfaidh an díoltóir mótar é a chlárú ag tráth an díola. Íocfaidh an díoltóir an Cháin Cláraithe Feithiclí (CCF) agus an Cháin Bhreisluacha (CBL) leis na Coimisinéirí Ioncaim. Dá bhrí sin, tá CCF agus CBL san áireamh sa phraghas iomlán a íoctar as an gcarr. Soláthróidh díoltóirí plátaí cláraithe chomh maith.

I ngach cás eile, ní mór duit d’fheithicil a chlárú ag Ionad de chuid na Seirbhíse Náisiúnta Tástála Carranna (SNTC). Ag an ionad SNTC, déanfaidh an t-oibreoir scrúdú ar an bhfeithicil agus ríomhfaidh an cháin iníoctha. Tar éis duit an cháin ábhartha dhlite a íoc, eiseofar uimhir chlárúcháin chugat.

Mótarcháin

Nuair a chríochnaítear clárú na feithicle, féadtar ansin an mhótarcháin a íoc agus deimhniú clárúcháin a bheith eisithe ina leith.  Féach mótarcháin le haghaidh tuilleadh eolais.

Deimhnithe Clárúcháin Eachtracha

Is ón Ríocht Aontaithe a iompórtáiltear an chuid is mó de charranna athláimhe isteach sa Stát. Tá sé ríthábhachtach go bhfaighfeá leagan na Ríochta Aontaithe den Deimhniú Clárúcháin, is é sin an 'V5C', nó deimhniú easpórtála buaine nuair atá d’fheithicil á ceannach agat. Má loictear an Deimhniú Clárúcháin Eachtrach ábhartha a chur ar fáil, diúltófar don chlárú.  

Tá teorainn ama 30 lá le feithiclí a chlárú sa Stát.  Dá bhrí sin, ní mór do chustaiméirí cinntiú go bhfuil na doiciméid chearta acu ag tráth an scrúdaithe.  Gearrfar muirir bhreise ar chlárúcháin a thosaítear tar éis na teorann ama 30 lá.

Astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin (CO2)

Ríomhtar an muirear CCF bunaithe ar astaíochtaí CO2. Dá airde astaíochtaí COdo chairr, is ea is mó an tsuim CCF iníoctha.

Ón 1 Aibreán 2020, ní thaispeántar ar na deimhnithe V5C ach astaíochtaí CO2 an Nóis Imeachta Tástála Domhanda d’Fheithiclí Éadroma (WLTP).   De ghnáth bíonn astaíochtaí WLTP beagánín níos mó ná astaíochtaí na Sraithe Nua Eorpaí Tiomána (NEDC). Roimh an 1 Aibreán 2020, is ar an V5C a dearbhaíodh sean-astaíochtaí tástála an NEDC.

Nuair a chuireann tú d’fheithicil ar fáil le haghaidh cláraithe, úsáidfear an figiúr WLTP ar an V5C chun an cháin a ríomh.

Ón 1 Eanáir 2021, beidh gach clárúchán bunaithe ar an WLTP

Ní mór duit leibhéal na n-astaíochtaí CO2 a dhearbhú mar chuid den scrúdú clárúcháin. Seachas an t-áireamhán CCF, glacfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le faisnéis i leith astaíochtaí CO2 ar an gcoinníoll go bhfuil sé sna liostaí i measc na bhfoinsí seo a leanas:

Tá roinnt carranna níos sine ann a léirítear leibhéal na n-astaíochtaí CO2 ina lámhleabhar úinéara. Tá sonraí faoi astaíochtaí CO2 ag na Coimisinéirí Ioncaim ar bhreis agus 12,000 samhail ar an Áireamhán CCF. Ba chóir do chustaiméirí a thabhairt dá n-aire nach léiríonn sé seo ach sampla de na samhlacha is coitianta. 

I gcás iompórtálacha triú tíre, glacfar leis na doiciméid seo a leanas:

  • An deimhniú clárúcháin roimhe seo
  • An Deimhniú Comhréireachta.

Ocsaíd Nítrigine (astaíochtaí NOx)

Ó 2020, tabharfar an muirear CCF ar fheithiclí Catagóir A cothrom le dáta chun go gcuirfí san áireamh muirear ar astaíochtaí NOx. Féadtar tuilleadh eolais a fháil air seo in Astaíochtaí Ocsaíde Nítrigine.

Ba chóir do chustaiméirí a thabhairt dá n-aire nach mbeidh luach NOx ag deimhnithe V5C a eisítear tar éis Aibreán 2019. Ba chóir Deimhniú Comhréireachta a chur leo seo.

Má tá feithicil athláimhe ón tSeapáin á chlárú, tabhair an méid seo a leanas leat:

Nuair atá tú ag déanamh taighde ar an CO2 don fheithcil áirithe, ní mór go dtiocfaidh cur síos agus meachán na feithicle leis an méid a luaitear ar an Deimhniú Easpótála le cinntiú gur feidhmíodh an CO2 ceart.

Féadfaidh sé nach nglacfaí le doiciméid nach leagtar amach thuas. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim leibhéal na n-astaíochtaí CO2 agus NOx a fhíorú.

Ní mór aistriúcháin dheimhnithe Béarla a bheith in éineacht le fianaise dhoiciméadach.

Tabhair do d'aire

Sa chás nach bhfuil fianaise ar astaíochtaí CO2 agus Nox na feithicle ag am a déanta ar fáil ag an gclárúchán, gearrfar CCF ag an ráta infheidhmithe is airde.

Ar aghaidh: Nós imeachta ag an ionad SNTC