Cáin Chláraithe Feithiclí (CCF)
Nós imeachta ag an ionad SNTC
Carr athláimhe á chlárú
Má chláraíonn tú carr athláimhe, tabhair leat gach ceann de na nithe seo a leanas:
- an deimhniú clárúcháin eachtrach, nó deimhniú díchláraithe, arna n-eisiúint ag an údarás clárúcháin ábhartha sa Stát eile
- deimhniú i leith leibhéal astaíochtaí CO2 na feithicle ag am a déanta
- deimhniú i leith leibhéal astaíochtaí NOx ag am a déanta.
Coinneoidh ionad na Seirbhíse Náisiúnta Tástála Carranna an fhianaise i leith clárúchán roimhe. Déan cóip den doiciméad seo sula dtéann tú chuig ionad na Seirbhíse Náisiúnta Tástála Carranna.
Tabhair do d'aire
Má loictear an doiciméad clárúcháin eachtrach ábhartha a chur ar fáil ag do choinne leis an SNTC, diúltófar don chlárú.
Is ón Ríocht Aontaithe a fhaightear formhór na bhfeithiclí athláimhe a iompórtáiltear chun an Stáit as tíortha thar lear. Féadtar sonraí ar na riachtanais sonracha a ghabhann le carr a iompórtáil ón Ríocht Aontaithe a fháil in Na himpleachtaí a bhaineann le feithiclí a iompórtáil ón mBreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann.
Feithicil nua á chlárú
Sula dtugann tú cuairt ar an ionad SNTC, ní mór duit Deimhniú Comhréireachta leictreonach na feithicle (r-CoC) a thíolacadh trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) nó moChúrsaí. De mhalairt air sin, féadtar cóip chrua CoC a thabhairt leat.
Ón 5 Iúil 2026, tá nósanna imeachta nua i bhfeidhm nuair a chláraíonn tú feithicil nua de chatagóir M nó N. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an leathanach European Vehicle and Driving Licence Information System (EUCARIS).
Luachálacha feithiclí
Ní thugann foireann na gCoimisinéirí Ioncaim meastacháin i leith feithiclí nár tugadh i láthair lena gclárú.
Doiciméid eile
Chomh maith leis sin, ní mór duit an méid seo a thabhairt leat i gcónaí:
- Pas nó ceadúnas tiomána.
- Foirm Sonraí Ceannaigh na Feithicle cuí, is é sin Foirm VRTVPD1, i gcás trádálaí mótar ceadaithe, seachas sin Foirm VRTVPD2.
- Sonrasc ar a léirítear go soiléir an dáta ceannaigh.
- Doiciméid ina bhfíoraítear ainm agus seoladh an úinéara chláraithe, mar shampla cóip chrua de bhille fóntais nó ráiteas bainc. Seachas sin, ní mór dhá ráiteas ar líne ó dhá soláthraí seirbhíse éagsúla a thíolacadh. Ní mór do cheann amháin díobh seo a bheith ina ráiteas bainc. Má tá feithicil á clárú le haghaidh duine eile, ní mór litir a bheith leat agus í sínithe acu le thú a údarú lena leithéid a dhéanamh. Ní mór duit chomh maith a gcruthúnas céannachta a thabhairt leat chomh maith le do cheann féin. Féadann trádálaithe mótar cóip de cheadúnas tiomána duine a bheidh mar an úinéir cláraithe a thabhairt leo.
- Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) an duine a bheidh mar úinéir cláraithe. Tá fianaise dhoiciméadach oifigiúil ag teastáil.
- Nuair atá trádálaí mótar údaraithe ag clárú feithicle le haghaidh custaiméara, ba chóir dóibh a n-Uimhir Chustaiméara leis na Coimisinéirí Ioncaim a thabhairt.
- Teastaíonn fianaise ar an dáta a tháinig an fheithicil isteach sa Stát. Féadfaidh sé go bhfolódh sé seo sonraí loingseoireachta nó doiciméid taistil. Ní mór MUT an dearbhaithe custam a chur ar fáil i gcás iompar ó áit taobh amuigh den Aontas Eorpach (AE). Sa chás go bhfuil an sonrasc níos sine ná 30 lá, féadfaidh sé go dteastaíonn fianaise ar stóráil na feithicle taobh amuigh den Stát.
- Más cuí, teastaíonn fógra díolúine Cánach Cláraithe Feithiclí (CCF) arna eisiúint ag na Coimisinéirí Ioncaim.
Nós imeachta
Déanfar an fheithicil a scrúdú ag an ionad SNTC le cinntiú go dtagann sé lena bhfuil sna doiciméid. Mura bhfuil na doiciméid ar fáil ag tráth an scrúdaithe, nó mura dtagann an fheithicil lena bhfuil sna doiciméid, ní chlárófar an fheithicil.
Féadtar aon cháin atá dlite a íoc ar na bealaí seo:
- le cárta dochair
- le dréacht bainc (iníoctha le ‘Applus Inspection Services Ltd.’)
- le cárta creidmheasa, gan American Express san áireamh.
Eiseofar uimhir cláraithe feithicle tar éis na híocaíochta.
Níl ort muirear ar leithligh a íoc ag an ionad SNTC le haghaidh na seirbhíse clárúcháin. Ní íocann na Coimisinéirí Ioncaim ach as coinne amháin. Is ar chostas na gcustaiméirí atá an dara coinne.
Tá cásanna áirithe ann nuair a d’fhéadfadh sé tarlú nach gcomhlánófaí clárúchán ar an lá. Mura bhfuil cineál feithicle ar ár gcóras, ní mór do na Coimisinéirí Ioncaim an fheithicil a luacháil ar leithligh. Fiosróidh an t-ionad SNTC leis an gcustaiméir maidir leis an gclárú a chomhlánú. Ní mheastar gurb é seo an dara coinne. Féach suíomh idirlín an SNTC le haghaidh tuilleadh sonraí.
Má tá feithicil athláimhe á clárú agat den chéad uair sa Stát, gearrfar táille ort chun an Costas Bainistíochta Comhshaoil a chlúdach ar bhoinn a bhaineann leis an bhfeithicil. Is í an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil a oibríonn an táille seo. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach suíomh idirlín gov.ie.
Ar aghaidh: Eolas ginearálta maidir le clárú