Cáin Chláraithe Feithiclí (CCF)

Formáid plátaí clárúcháin

Ginearálta

Sonraítear in I.R. Uimhir 318 de 1992 (arna leasú) formáid, toisí agus na sonraíochtaí teicniúla atá le léiriú ar mhótarfheithiclí.

Go ginearálta, ní mór an pláta clárúcháin a bheith comhdhéanta den mhéid seo:

  • uimhreacha agus litreacha dubha ar chúlra bán frithchaiteach
  • ainm chontae an chlárúcháin i nGaeilge ag barr an phláta
  • bratach an Chomhphobail Eorpaigh. Ní mór gurb ionann é seo agus dhá réalta dhéag i gciorcal agus na litreacha IRL i mbán ar chúlra ghorm frithchaiteach. Ní mór go mbeidh an bratach le feiceáil ar thaobh na láimhe clé den phláta.

Níor chóir aon uimhreacha, litreacha ná marcanna eile a bheith le feiceáil ar an bpláta.

Feithiclí cláraithe roimh 31 Nollaig 2012

Baineann an fhormáid YY - Contae - uimhir sheicheamhach le feithiclí a cláraíodh roimh an 31 Nollaig 2012. Baineann sé seo le feithiclí a cláraíodh in Éirinn nó i dtír eile.

Mar shampla, maidir le carranna a iompórtáladh in 2017 agus a cláraíodh den chéad uair sa Ríocht Aontaithe in 2011, clárófar iad mar 11-xx-xxxx.

Image of acceptable pre 2013 number plate format

Image of acceptable pre 2013 number plate format

Feithiclí cláraithe ó 1 Eanáir 2013

Baineann an fhormáid YY [ 1 nó 2 ] - Contae - uimhir sheicheamhach le gach feithicil atá cláraithe ón 1 Eanáir 2013. Baineann sé seo le feithiclí a cláraíodh in Éirinn nó i dtír eile. Tá an bhliain scartha ina dhá leath chun críocha clárúcháin. Baineann BB1 le feithiclí cláraithe idir 1 Eanáir agus 30 Meitheamh. Baineann BB2 le feithiclí cláraithe idir 1 Iúil agus 31 Nollaig.

Image of acceptable post 2012 number plate format

Image of acceptable post 2012 number plate format

Image of acceptable post 2012 number plate format

Image of acceptable post 2012 number plate format

Feithiclí nach n-astaíonn astaíochtaí sceithphíopa CO2

Ón 1 Iúil 2025, tá feithiclí nach n-astaíonn astaíochtaí sceithphíopa CO2 incháilithe le haghaidh pláta clárúcháin le "splanc" ghlas. Beidh na plátaí clárúcháin mar an gcéanna leis na plátaí atá ann cheana, ach le stríoc ghlas breise.

Beidh cead ag gach catagóir feithiclí ar nós gluaisteáin, gluaisrothair, veaineanna, busanna agus trucailí nach n-astaíonn astaíochtaí sceithphíopa CO2 an stríoc ghlas nua a iompar.

Ní bheidh na plátaí clárúcháin le splanc ghlas éigeantach. Is faoi lánrogha na gcustaiméirí a bheidh sé an pláta clárúcháin nua a thaispeáint. Má tá feithicil leictreach agat cheana féin, beidh tú in ann d'fheithicil a iarfheistiú le pláta clárúcháin a bhfuil stríoc ghlas air.

Ar aghaidh: Innealra a chlárú