Cáin Chláraithe Feithiclí (CCF)
CCF agus clárúchán
Ní mór gach mótarfheithicil sa Stát a chlárú taobh istigh de 30 lá ón dáta iontrála. Ní bhaineann an méid seo a leanas le:
- feithiclí atá coinnithe ag trádálaithe mótar údaraithe
- agus
- feithiclí a cláraíodh go heachtrach a thugtar isteach chuig an Stát go sealadach.
Gearrtar CCF sa chuid is mó de chásanna nuair a chláraítear feithicil sa Stát.
I gcásanna áirithe, féadtar díolúine iomlán nó páirteach ó CCF a fheidhmiú. Má tá d’áit chónaithe isteach á aistriú agat chuig an Stát, féadfaidh sé go bhfuil tú i dteideal díolúine ó CCF. Tá roinnt coinníollacha ann (féach an lámhleabhar CCF in VRT Manual Part 2). Ba chóir iad seo a scrúdú go cúramach le feiceáil an bhfuil tú incháilithe.
An riachtanas chun clárú
Is ar dhaoine aonair agus ar úsáideoirí gnó atá cláraithe atá an tseirbhís seo dírithe. Ní mór duit a bheith cláraithe le haghaidh moChúrsaí nó Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) chun an tseirbhís leictreonach Deimhnithe Comhréireachta (r-CoC) a úsáid. Tá an rogha ag úsáideoirí gnó r-CoCanna a bhulc-uaslódáil trí ROS.
Is cion é feithicil neamhchláraithe a thiomáint sa Stát. Mura gcláraíonn tú d’fheithicil, féadann na Coimisinéirí Ioncaim nó an Garda Síochán í a chur faoi choinneáil. Féadann na Coimisinéirí Ioncaim chomh maith í a ghabháil agus féadtar í a scaoileadh saor ach pionós faoi rogha na gCoimisinéirí Ioncaim a íoc.
Cláraíonn an tSeirbhís Náisiúnta Tástála Carranna (SNTC) feithiclí ar son na gCoimisinéirí Ioncaim. Chun feithicil a chlárú, ní mór:
- coinne a dhéanamh leis an SNTC taobh istigh de sheacht lá ón uair a thugann tú an fheithicil isteach sa Stát
- agus
- an fheithicil a chlárú taobh istigh de 30 lá ó í a thabhairt isteach sa Stát.
Íocfaidh tú CCF breise má loiceann tú an fheithicil a chlárú taobh istigh de 30 lá. Is gnách go dtagann sé seo aníos nuair nach gcuirtear ar fáil fianaise ar an dáta a thugtar an fheithicil isteach sa Stát.
Feithicil nua a chlárú
Táirgeann déantóirí feithiclí Certificate of Conformity (CoC) uathúil do gach feithicil a dhéanann siad. Taispeánann sé an cineálcheadú comhlíontachta agus faisnéis áirithe faoi fheithiclí.
Ón 12 Meán Fómhair 2016 i leith, ceanglaítear go dlíthiúil ar gach mótarfheithicil nua atá cláraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim r-CoC a bheith acu. Ní mór é seo a thíolcadh ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim sula gcláraíonn tú an fheithicil.
Ní mór Deimhniú Comhréireachta (CoC) bailí a chur isteach ar chóras na gCoimisinéirí Ioncaim sular féidir feithicil nua a chlárú.
Cuimsíonn CoC faisnéis arna tháirgeadh ag déantóir atá uathúil do gach feithicil a mhonaraítear. Is ráiteas ón monaróir é an CoC go gcomhlíonann an fheithicil caighdeáin an Aontais Eorpaigh (AE), lena n-áirítear sábháilteacht.
Ón 5 Iúil 2026, tá nósanna imeachta nua i bhfeidhm nuair a chláraíonn tú feithicil nua de chatagóir M nó N. Téigh chuig an leathanach 'Córas Eorpach Faisnéise maidir le feithiclí agus ceadúnais tiomána (EUCARIS)' sa rannán seo le haghaidh tuilleadh eolais.
Go dtí an 29 Samhain 2026, is féidir feithiclí den sórt seo a chlárú fós trí eCoC a thíolacadh trí ROS.
Ón 30 Samhain 2026 ar aghaidh, ní ghlacfar le e-CoCanna a thuilleadh.
Níl aon athrú ar an bpróiseas clárúcháin do gach feithicil eile.
An tionchar atá aige seo ort
Nuair atá feithiclí nua á gceannach agat sa Stát, déanfaidh an díoltóir an fheithicil a chlárú. Sa chás go n-iompórtáiltear feithicil nua isteach sa Stát, ní mór í a chur faoi bhráid an SNTC lena hiniúchadh agus lena clárú. Ón 5 Iúil 2026, ní mór duit an Uimhir Aitheantais Feithicle (VIN) d'fheithiclí chatagóirí M agus N a fháil ón díoltóir. I gcás gach feithicil eile, ní mór duit an e-CoC a fháil ón díoltóir. Ní mór duit a chinntiú roimh ré go bhfuil na doiciméid éigeantacha go léir ag an díoltóir sula gceannaítear feithicil.
Ní mór duit an nó an eCoC a iontráil ag baint úsáide as moChúrsaí nó ROS. Má chuirtear an eCoC ar fáil san fhormáid cheart XML, féadtar é a uaslódáil. Ní fhéadann ach an monaróir na eCoCanna XML a ghiniúint. Ní fhéadtar comhad PDF nó comhad Word a athrú chuig an bhformáid ceart. Féadtar an eCoC a chur isteach de láimh freisin. Cabhróidh an e-CoC Procedures Guide leat.
Ní mór an eCoC a uaslódáil roimh do choinne leis an SNTC, más gá. Cabhróidh an e-CoC Procedures Guide leat.
Ní mór an Deimhniú Comhréireachta a uaslódáil roimh do choinne leis an SNTC.
Feithicil athláimhe a chlárú
Má tá feithicil á ceannach agat ó áit thar lear ní mór na doiciméid i leith an chlárúcháin eachtraigh a fháil ón díoltóir. Ba chóir duit seiceáil roimh ré go bhfuil an Deimhniú Comhréireachta agus na doiciméid éigeantacha eile ag díoltóir an chairr.
Is éard é an V5C ná doiciméad clárúcháin eachtrach de chuid na Ríochta Aontaithe. Tá riachtanais shonracha ag an Ríocht Aontaithe ann maidir le feithiclí a dhíol (féach ar an treoir atá acu ar fheithicil a dhíol in selling a vehicle). Tabhair do d’aire nár chóir ach an rannán ‘permanent export’ den V5C a sheoladh chuig an Driver and Vehicle Licensing Agency (DVLA) nuair a easpórtáiltear an fheithicil ón Ríocht Aontaithe. Tá sé ríthábhachtach go bhfaigheann tú an chuid eile den V5C ón díoltóir, mar go dteastaíonn sé chun an fheithicil a chlárú sa Stát.
Tabhair do d’aire
Má loictear an doiciméad clárúcháin eachtrach ábhartha a chur ar fáil ag do choinne leis an SNTC, diúltófar don chlárú.
Ar aghaidh: Córas Eorpach Faisnéise maidir le feithiclí agus ceadúnais tiomána (EUCARIS)